Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gradaim Laochra Spóirt 2020

28-01-21 Gradaim Laochra Spóirt 2020 le bronnadh

Guíonn Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall achan rath ar Choiste Ghradaim Laochra Spóirt  Dhún na nGall a bheas ag reáchtáil ócáid bhronnta na ngradam ar  líne den chéad uair riamh oíche Aoine seo ag 7.30 i.n. Déanfar an ócáid a chraoladh beo ar a leathanach Facebook

https://www.facebook.com/events/927216534482093/ .

 

Donegal Sports Star Awards 2020

 

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle an Clr. Rena Donaghey go bhfuil lúcháir mhór uirthi go bhfuil Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall 2020 ag dul ar aghaidh in ainneoin na géarchéime. ‘Is tógáil croí do phobal spóirt an chontae é go bhfuil an ócáid seo ag tarlú. Tá moladh mór tuillte ag Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall as dul ar aghaidh leis an ócáid, cé go mbeidh sé ar líne de bharr na srianta Covid-19. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt dár laochra spóirt idir fhir agus mhná, as an obair chruaidh agus an díograis atá léirithe acu i rith na bliana. Threabh siad an t-iomaire agus thaispeáin siad neart agus dóchas. Is ábhar bróid domh é go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall mar phríomhurraitheoirí arís agus tá lúcháir orainn go bhfuil muid páirteach in ócáid atá thar a bheith tábhachtach do phobal Dhún na nGall’ a dúirt an Clr. Donaghey.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John Mc Laughlin gur thug spórt ardú meanman don phobal agus gur cuid thábhachtach de 2020 a bhí ann in ainneoin na paindéime.

‘Ar an chéad dul síos tugaimse Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall aitheantas d’achan duine a bhí páirteach san ullmhúchán d’ócáid bhronnta Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall a bheas ar siúl oíche Aoine seo. Tá an Chomhairle i mbun urraíochta ar an ócáid ó bhí 1977 ann agus is maith an rud é go bhfuil na gradaim ag ceiliúradh 45 bliain ar an fhód i mbliana. Nuair a tógadh na srianta anuraidh, thug spóirt beo ardú croí agus meanman do dhaoine cé gur imríodh mórchuid na gcluichí taobh thiar de gheaftaí dúnta. Chuir mé fáilte mhór roimh an scéala go mbeadh ócáid bhronnta na ngradam ag dul ar aghaidh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don choiste a bhfuil obair na gcapall déanta acu le himeacht na mblianta, go háirithe i mbliana nuair a b’éigean daofa ócáid bhronnta na ngradam a réachtáil ar líne den chéad uair riamh. Ar deireadh, molaim go mór iad siúd a bhí páirteach i gcúrsaí spóirt i 2020 agus tá súil agam nach fada uainn comórtais agus ócáidí spóirt i nDún na nGall arís’ a dúirt an tUasal McLaughlin.

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO