Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Oscailt Chlós Súgartha Pobail na Broclaise

Oscailt Oifigiúil Chlós Súgartha Pobail na Broclaise

 

Osclaíodh Clós Súgartha Pobail úr na Broclaise go hoifigiúil Déardaoin, an 7ú Deireadh Fómhair, 2021.

 

Fuair an tionscadal maoiniú mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Údaráis Áitiúil €5.5m Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar cistíodh é faoi Chlár PEACE IV an Aontais Eorpaigh. Déanann Comhlacht na gClár Speisialta AE Clár PEACE IV a riar.


Leis an imeacht, rinneadh ceiliúradh ar oscailt an chlóis súgartha pobail úir do mhuintir na Broclaise agus an cheantair máguaird, áit a mbeidh páistí ar gach aois agus leibhéal cumais in ann teacht i dtír ar dheiseanna faoi choinne súgradh idirghníomhach.

 

Chuir Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail sa Deisceart cistiú meaitseála ar fáil. Chinntigh Comhairle Contae Dhún na nGall, trí Choiste Comhpháirtíochta PEACE IV, maoiniú PEACE IV faoi Chuspóir 3, Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte – Gníomh 3.2 Tionscadail Spásanna Comhroinnte Údarás Áitiúil – Limistéir Súgartha Allamuigh.


Páirtmhaoiníodh an tionscadal fosta trí iarrachtaí tiomsaithe airgid Ghrúpa Pobail na Broclaise agus trí Thionscnamh an Chiste Forbartha, 2020, foinse maoinithe a chuireann Comhairle Contae Dhún na nGall ar fáil le tacú le tionscnaimh a bhaineann le cineálacha éagsúla forbartha lena n-áirítear eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus oidhreachta mar aon le héagsúlacht de thionscnaimh bhainteacha a théann chun sochair pobail, ceantair agus grúpaí áitiúla ar fud an chontae.


Ar na príomhchainteoirí, bhí John Boyle, a labhair thar ceann Ghrúpa Pobail na Broclaise agus labhair Cathaoirleach Choiste Comhpháirtíochta PEACE IV, an Comhairleoir Paul Canning go fonnmhar faoin imeacht.


Agus baill den phobal áitiúil i láthair, lenar áiríodh páistí scoile áitiúla agus croí-pháirtithe leasmhara, ionadaithe de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall agus de chuid Choiste Comhpháirtíochta Peace IV san áireamh, b’imeacht spreagúil amach is amach a bhí ann. Tríd an tionscadal seo, táthar i ndiaidh spás neamhfhorbartha a athshamhlú gur cruthaíodh spás comhroinnte a thacaíonn leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas tríd an tsúgradh allamuigh.


Tá buíochas ar leith tuillte ag Foireann Forbartha Pobail Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ag Comhlacht na gClár Speisialta AE as a dtacaíocht leanúnach chun tionscadail PEACE IV a chur i gcrích go rathúil ar fud an chontae agus ag an chonraitheoir, Hawthorn Heights Ltd. as Clós Súgartha Pobail úr na Broclaise.

 

Críoch

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO