Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Trail Gazers chun réimse gníomhartha a fhorbairt

23-11-21 - Tionscadal Trail Gazers chun réimse gníomhartha a fhorbairt le Conair Leibhéil na hInse a fheabhsú

Trail Gazers Project to develop a range of actions to enhance Inch Levels Trail image

 

Rinneadh dul chun cinn tábhachtach ar thionscadal spreagúil siúlóide agus fóillíochta ar ocht láthair ar fud na hEorpa, mar a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ina príomhpháirtí, an tseachtain seo caite.


Dé hAoine, 19 Samhain, reáchtáil Tionscadal na Trail Gazers i nDún na nGall Ceardlann Chomhshaoil ar líne le breis agus 20 príomhpháirtí leasmhara agus baill den phobal áitiúil chun sraith príomhghníomhartha a fhorbairt chun eispéireas na conaire ag Tearmann Éanlaithe Fiáine na hInse a fheabhsú agus é a nascadh leis an tairiscint turasóireachta níos leithne sa cheantar máguaird fá dheisceart Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall.

 

Le linn na ceardlainne ar líne an tseachtain seo caite, mhínigh Catherine McLaughlin, Pleanálaí le Tionscadal na Trail Gazers, an tábhacht a bhaineann lena chinntiú ‘go dtugann na gníomhartha seo, agus an dóigh a gcuirtear i bhfeidhm iad, aird chuí ar an dúlra leochaileach atá ann fá Thearmann Éanlaithe Fiáine na hInse’.

 

Chuir Mary Daly, Oifigeach Cumarsáide agus Taighde ar son Trail Gazers, anailís tosaigh i láthair ó na Suirbhéanna ar Úsáideoirí Conaire a rinneadh ar an láthair i rith an tsamhraidh ar an Inis agus conas a chuideoidh an t-eolas seo leis na Pleananna Conairí Pobail a threorú.

 

Cuimsíonn Tionscadal Gazers Trail an Atlantaigh conairí in áiteanna iontacha ó Dhún na nGall go dtí an Phortaingéil. Is é is príomhchuspóir leis an tionscadal seo ár gconairí a chaomhnú agus a chosaint, cuspóir atá thar a bheith tábhachtach i dTearmann Éanlaithe Fiáine na hInse i nDún na nGall.

 

Tá sé mar aidhm ag tionscadal na Trail Gazers tionchar na hinfheistíochta suntasaí, a rinneadh thar na blianta chun conairí siúil agus fóillíochta a fhorbairt ar fud Limistéar an Atlantaigh, a mheas i dtaca le pobail tuaithe a chothú, agus fiosróidh sé bealaí nuálacha lenar féidir an tionchar seo a fheabhsú.

 

Tá Trail Gazers suite in ocht gcinn de shuíomhanna conaire trialacha i 'Chemin De Mémoires', sa Bhriotáin, an Fhrainc; ‘Via Verde del Plazola’ i Navarra, sa Spáinn; ‘La Caldera de Taburiente’ ar Oileán Canárach Las Palma; na 'Seacht nGleann Crochta' san Algarve, an Phortaingéil; ‘Sacred Mountain’ i Viana do Castelo, Tuaisceart na Portaingéile; an ‘Taff Trail’ in Iarthar na Breataine Bige agus sna Gleanntáin; an lúb ‘Cnoc na Riabh / Cill Easpaig Bhróin‘ i Sligeach agus ‘Leibhéil na hInse’ i nDún na nGall.

 

Dúirt Bainisteoir Tionscadail na Trail Gazers, Mary McBride ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh na ceardlainne "go raibh sí sásta, in ainneoin na ndeacrachtaí ina bhfuil muid ann le tamall, leis an oiread daoine a d’fhreastail ar an cheardlann agus an méid dul chun cinn atá déanta maidir le príomhghníomhartha a fhorbairt agus bhí sé ríthábhachtach aiseolas agus moltaí a fháil ó na rannpháirtithe uilig. "

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thionscadal na Trail Gazers, féach ar ár suíomh gréasáin www.trailgazers.eu. Tá Trail Gazers cómhaoinithe ag Clár Limistéar an Atlantaigh Interreg trí Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO