Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Tionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise

19-07-2022 – Tionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise á cheiliúradh

Some of the historic buildings on Church Lane, Letterkenny that featured in the Historic Towns Initiative.  There will be a celebration of the completion of the Historic Towns Initiative on Church Lane this Friday evening, July 22 at 5 p.m.

 

Beidh ceiliúradh ar son Thionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise ar siúl ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo, 22 Iúil ar 5pm. Rinneadh oibreacha deisiúcháin chaomhnaithe ar sheacht gcinn d’fhoirgnimh stairiúla ar Lána na hEaglaise mar chuid den tionscadal agus tá an tionscnamh seo mar eiseamláir le haghaidh tograí den chineál céanna i Ráth Mealtain agus i mBéal Átha Seanaidh. Beidh siamsaíocht ar fáil ó Chomhaltas Leitir Ceanainn, Elusive Theatre agus Maria McCormack, agus cuirfidh bialann Wholegreen bia agus sólaistí ar fáil ó 4.30pm. Tá an ócáid seo saor in aisce agus tá fáilte roimh achan duine a bheith i láthair.

 

Is toradh críochnúil é Tionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise ar chomhpháirtíocht idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Coiste Cheathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn, úinéirí áitiúla maoine, An Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Le linn an tionscadail rinneadh deisiúcháin chaomhnaithe ar sheacht gcinn d’fhoirgnimh stairiúla, ar a n-áirítear deisiúcháin dín agus simléara, oibreacha struchtúrtha, earraí uisce báistí déanta as iarann teilgthe a chur isteach, saisfhuinneog adhmaid agus doirse a athchóiriú, agus aghaidh siopa stairiúil a dheisiú. Rinne an t-ailtire caomhantais Duncan McLaren ó Dedalus Architecture maoirseacht ar na hoibreacha, agus ba iad John Doherty Construction agus John O’Loughlin Construction a rinne na hoibreacha. Úsáideadh ábhair thraidisiúnta le linn na hoibre, de réir dea-chleachtais chaomhnaithe. Ba iad Collette Beattie agus Joanne McMenamin, an Oifig Chaomhantais agus Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall a bhainistigh an tionscnamh. Ó thaobh infheistíochta de i dTionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise, chuir An Chomhairle Oidhreachta €200,000 ar fáil, agus €40,000 ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, chomh maith le hinfheistíocht ó úinéirí maoine ar Lána na hEaglaise.

 

 “Léiríonn an Tionscnamh Bailte Stairiúla dúinn an tábhacht agus na féidearthachtaí a bhaineann le hathnuachan oidhreacht-bhunaithe” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Am iontach dúshlánach é seo do láir na mbailte agus do na sráidbhailte, agus is é a dhéanann an Tionscnamh Bailte Stairiúla, arna thacú ag An Chomhairle Oidhreachta agus An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ná deis a thabhairt lena thaispeáint an méid a thig le caomhnú agus athúsáid ár gcuid foirgneamh stairiúil a dhéanamh chun cuidiú le háiteanna níos tarraingtí a chruthú le cónaí iontu agus le hobair iontu. Tógann an Tionscnamh Bailte Stairiúla ar an tsárobair atá déanta ag Coiste Cheathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn le hocht mbliana anuas chun croí stairiúil Cheathrú na hArdeaglaise ar Lána na hEaglaise a athnuachan. Leoga, beidh Coiste Cheathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn agus Coiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn ag reáchtail comhdháil saor in aisce dar teideal ‘Dearóil i nDún na nGall’ (Derelict in Donegal) in Óstán Dillon, An Phríomhshráid, Leitir Ceanainn níos luaithe Dé hAoine ag toiseacht ar 11am, agus is féidir leat áit a chur in áirithe saor in aisce ar www.eventbrite.ie”.

 

Rinneadh an Tionscnamh Bailte Stairiúla ar Lána na hEaglaise a phlé ag ceardlanna náisiúnta a reáchtáil An Chomhairle Oidhreachta agus, i mí Feabhra 2020, bhuaigh Tionscnamh Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise Gradam Tionscadail Ard-Mholta an Uachtaráin ag Gradaim Institiúid Phleanála na hÉireann. Déanann plaic ar Lána na hEaglaise an gradam seo a chomóradh agus seoladh é le linn Oíche Chultúir anuraidh.   

 

Is féidir le gach údarás áitiúil iarratas amháin a chur isteach chuig an Tionscnamh Bailte Stairiúla gach bliain le haghaidh baile stairiúil a bhfuil daonra níos airde ná 1,500 duine ann. Caithfidh na hoibreacha atá beartaithe a bheith bunaithe ar chur chuige pleanáilte atá oidhreacht-bhunaithe agus is gá a léiriú go bhfuil an pobal rannpháirteach go mór. Tá maoiniú suas go dtí €250,000 ar fáil faoin scéim. Má shíleann tú go gcomhlíonann do bhaile féin na critéir don Tionscnamh Bailte Stairiúla, nó go bhfuil do bhaile ag dul sa treo sin, thig leat teagmháil a dhéanamh le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhost ag [email protected].

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO