Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ainmniúcháin do Ghradaim Tuí

10-11-20 Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí ainmnithe do ghradam

Tá Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an ghearrliosta do ghradam barr feabhais sa Rialtas Áitiúil ag Comhlachas Éireann sa chatagóir ‘Oidhreacht agus an Timpeallacht Thógtha’. Aithníonn an gradam seo na tionscnaimh is fearr ó údaráis áitiúla chun spéis an phobail in oidhreacht áitiúil agus eolas, meas agus cosaint na hoidhreachta áitiúla a chur chun cinn. Beidh Mary Kennedy (a bhí mar láithreoir ar RTÉ Nationwide roimhe seo) ina hóstach ar ócáid bhronnta na ngradam a bheas ar siúl ar líne ar an Déardaoin, 26 Samhain.

 

Teachín ceann tuí daingnithe le rópaí, An Srath Buí, Gleann Cholm Cille

Tuí á chur ar theachín agus daingnithe le rópaí ar An Srath Buí, Gleann Cholm Cille le tacaíocht ón Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí.  Níl an nós tuíodóireachta le rópaí in úsáid go forleathan in Éirinn níos mó.  D’fhéadfá a rá gur  in iarthar agus i dtuaisceart Dhún na nGall amháin a bhfuil an nós seo á gcleachtadh go fóill.   

 

“Tá lúcháir orainn go bhfuil an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí aitheanta ag Comhlachas Éireann ar an dóigh seo” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Is í an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí an t-aon cheann dá leithéid in Éirinn. Faoi scáth na scéime, cuirtear comhairle ar úinéirí maidir le díonta ceann tuí a chaomhnú, cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh deisiúchán tuí ar scála beag agus is féidir le húinéirí tí obair chóirithe riachtanacha a dhéanamh faoi mhaoirseacht caomhnaithe. Chomh maith le gné dár n-oidhreacht thógtha a bhfuil dearmad air a chaomhnú, tacaíonn an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí le fostú tuíodóirí áitiúla, le fás na n-ábhar tuí agus le sócmhainn turasóireachta tábhachtach agus íomhá íocónach de Chontae Dhún na nGall a choinneáil. Ina theannta sin, tugann an scéim deis do dhaoine leanúint orthu ag maireachtáil, ag obair agus ina gcónaí i bhfoirgnimh ceann tuí ar fud an chontae. "

 

 

Teachín ceann tuí daingnithe le rópaí, Baile Chionaoith, Inis Eoghain

Bhí teachín ceann tuí i mBaile Chionaoith suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in Inis Eoghain ar cheann de na tithe a cháiligh faoi Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí in 2019. Ceadaítear mionoibreacha tuíodóireachta faoin scéim mar a léirítear sa phaiste seo a ndearnadh coiriú air. 

 

Is tionscnamh tras-stiúrthóireachta í an Scéim Deontas Deisiúcháin Tuí idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Stiúrthóireacht na Seirbhísí Tithíochta, Corparáideacha & Cultúrtha agus an Oifig Caomhnaithe, Stiúrthóireacht na Seirbhísí Forbartha Pobail agus Pleanála de Chomhairle Contae Dhún na nGall. “Tá suim an phobal sa scéim dochreidte arís i mbliana agus tá an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí ag tacú le 26 tionscadal deisiúcháin tuí i gContae Dhún na nGall in 2020” a mhínigh Collette Beattie, Oifigeach Caomhnaithe. “Tá úinéirí na struchtúr ceann tuí seo bródúil as a n-oidhreacht thógtha.

 

 

 Stucaí de chochán seagalaí i nDroim Barrnocht, Mainéar Uí Chuinneagáin

Is cinnte go bhfuil éileamh sa bhreis ar ábhair tuí mar gheall ar an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí agus cuidíonn seo leis na feirmeoirí agus saothróirí ábhair tuí sa chontae.  Tá an cochán seagalaí a fheictear anseo ag fás i nDroim Barrnocht in aice le Mainéar Uí Chuinneagáin oirthear Dhún na nGall ag tacú leis an tionscal tuí sa chontae.

 

 

Seasann na foirgnimh thraidisiúnta seo an fód go mórtasach agus is féidir iad a chothabháil agus a chur in oiriúint mar thithe compordach teaghlaigh agus áitribh ghnó agus a luach oidhreachta á choinneáil slán acu.  Chomh maith le tuí stairiúil a aithint agus a chaomhnú, tá eolas tábhachtach á bhailiú faoin scéim maidir le hábhair tuí, modhanna tuíodóireachta, tuíodóirí áitiúla agus na dúshláin atá roimh úinéirí a bhfuil tithe ceann tuí acu. "

 

 

Áitreabh feirme breisithe le ceann tuí daingnithe le rópaí i nDroim Ghormáin i nDeisceart Dhún na nGall

Faoin Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí,  ceadaítear deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh ar dhíonta ceann tuí ionas gur féidir le daoine leanúint orthu a bheith ina gcónaí ina dtithe ceann tuí – mar atá le feiceáil san áitreabh feirme breisithe seo i nDroim Ghormáin i nDeisceart Dhún na nGall. 

 

 

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall, Éire Ildánach agus an Chomhairle Oidhreachta maoiniú ar fáil arís i mbliana chun tacú le Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí agus  chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  Maidir leis an scéim seo, thug an Dr. Fidelma Mullane an-léiriú agus mioneolas ar fáil faoi chúrsaí tuíodóireachta.  Osclófar an Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí arís san Athbhliain agus beifear in ann iarratas a dhéanamh ag an am sin.

 

 

Teachín ceann tuí daingnithe le scoilb i mBaile an Droichid

Tá an teachín seo, a bhfuil díon tuí na scolb air agus bealach isteach amháin ann á mhaoiniú faoi Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí.  Tá sé soiléir ón dá fhuinneog bheaga ar gach taobh den teallach i mbinn an tí go bhfuil leath-lochta sa teachín.  Tugann na ‘báirsí’ ardaithe ar bhinn an tí faoiseamh agus cosaint don tuí ó na gaoithe móra.

 

Is iad na tionscadail eile a ainmníodh ag Comhlachas Éireann do Ghradam Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil sa chatagóir ‘Oidhreacht agus an Timpeallacht Thógtha’ na:

Comhairle Contae an Chláir chun teach an túirín a athchóiriú agus a chaomhnú; Comhairle Contae Chorcaí don tionscadal dá gcuid ag reiligí i gCorcaigh Thiar; Comhairle Contae Fhine Gall don mhionsamhail Casino de Mhúsaem an Iarnróid; Comhairle Contae Chill Mhantáin dá thionscadal 'Ár nOidhreacht anseo i gCill Mhantáin – Cartlann bheo ar phobal Chill Mhantáin'. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag www.chambers.ie

 

 

 

Teach Tabhairne Ceann Tuí Uí Dheoráin, Sráid an Easpaig, Béal Átha Seanaidh

Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as an scéim fosta mar atá déanta ag teach tábhairne ceann tuí Uí Dheoráin agus tá an-dúil ag muintir na háite agus ag na turasóiri araon san áit.  Fuaireadar tacaíocht faoin Scéim Deontais Deisiúcháin Tuí in 2020 chun obair chóirithe a dhéanamh ar thuí na scolb.

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le: 

 

Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta, Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na ngall, Oileán an Stáisiúin, Leifear, Contae Dhún na nGall.

Guthán:  (074) 917 2576

Rphost:  [email protected]

 

Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall 

Guthán:  (074) 917 2464

Rphost:  [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO