Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Buaiteoirí an Chomórtais Tóraíocht Taisce

09-11-2020- Buaiteoirí Bhealach an Atlantaigh Fhiáin - Comórtas Tóraíocht Taisce - Clár a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

 

Le linn Sheachtain Chuimsiú Sóisialta 2020, tríd an Chlár Aoisbháúil, d'eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain comórtas Tóraíocht Taisce ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall do dhaoine aosta agus bhí an t-ádh ar 2 bhuaiteoirí a bhain Táibléad an duine.

 

Léadh amach leideanna gach lá ar Sheó Greg Hughes, Raidió Highland. Seo a leanas na leideanna agus na freagraí a bhí bunaithe ar imeartas focail nó fuaimniú sa Bhéarla;

 

  • Fuaimníonn sé cosúil le fia an-bheag - Fathain
  • Geansaí Mór Éireannach timpeallaithe ag uisce - Oileán Árainn Mhór
  • Cuid de bhall éadaigh & cluiche Liathróide – Sliabh Liag
  • Cnoc le haghaidh oidhre an rí – Tamhnach an tSalainn (Cnoc Shéarlais)
  • Foirgneamh daingnithe ar dhath an rúibín – Carraig Mhic Uidhilín (An Caisleán Dearg)

 

Ba iad John Bonner ó Leitir Ceanainn agus Anna McCallion, Bun Cranncha an bheirt bhuaiteoirí ádhúla.

 

Sa ghrianghraf ó chlé go deas Mairead Cranley Clár Aoisbháúil Dhún na nGall, Denis Kelly Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, an Buaiteoir Anna McCallion agus Shauna McClenaghen Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain.

 

Bhuaigh an bheirt acu Táibléad agus d’ofráil Denis Kelly, Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, oiliúint dóibh maidir lena dTáibléad nua a úsáid.

 

Ag labhairt dúinn leis an dá bhuaiteoir, dúirt siad nár úsáid siad táibléad riamh roimhe seo ach go raibh siad ag súil lena fhoghlaim.  Ba í gariníon John, Kelly Bonner, a sheol isteach a fhreagra gach lá thar ceann a seanathar.  Luaigh John "Thaitin sé liom go gcaithfinn buille faoi thuairim a thabhairt ar na leideanna gach lá agus scairtfinn ar Kelly leis na freagraí agus sheolfadh sí ríomhphost ar mo shon". Luaigh Anna nár úsáid sí riamh Táibléad ach go bhfuil mac aici atá ina chónaí thar lear agus go raibh sí ag súil le foghlaim conas é a scaidhpeáil lena gléas nua.

 

Comhghairdeas le John agus Anna araon agus buíochas le Greg Hughes, Raidió Highland as na leideanna a sheachadadh gach lá, agus le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain agus Denis Kelly IDP as na duaiseanna agus an oiliúint a chur ar fáil don dá bhuaiteoir.

 

Sa ghrianghraf ar chlé go deas Mairead Cranley, Clár Aoisbháúil Dhún na nGall, Kelly Bonner, Gariníon an Bhuaiteora agus John Bonner, an Buaiteoir.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO