Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ceolchoirm na Nollag ‘Cosain do Shláinte’

11-12-20 Ceolchoirm na Nollag ‘Cosain do Shláinte’

 

 

Mar chuid den fheachtas ‘COSAIN DO SHLÁINTE’ tá an Coiste le haghaidh Forbairt Phobail Áitiúil i nDún na nGall, i gcomhpháirt le hAmharclann an Bhalor, ag cur fáilte roimh an phobal a bheith ina gcuideachta le linn Cheolchoirm Phobail na Nollag – Cosain do Shláinte, ina mbeidh oíche iomlán de shiamsaíocht Nollag, a chraolfar ag an am chéanna ó Highland Radio agus ó Ocean FM Dé Domhnaigh 20 Nollaig 2020 i ndiaidh na nuachta ar 7pm. Beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh codanna den cheolchoirm le linn sheachtain na Nollag agus beidh sé ar fáil fosta le feiceáil ar an chainéal YouTube atá ag Sláinte Dhún na nGall. Is é Conal Gallen, a bhfuil clú agus cáil ar a ghreann, a bheas ina fhear tí ar an ócáid, agus beidh réimse leathan ceoil agus amhránaíochta ann, idir cheol na Nollag agus cheol traidisiúnta.

 

Leagann Plean an Rialtais le haghaidh Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 béim ar an ról tábhachtach a bheas ag neart agus láidreacht an duine aonair agus an phobail chun dul i ngleic ar bhonn leanúnach le COVID-19. Tógann an feachtas ‘COSAIN DO SHLÁINTE’ ar an fheachtas “Le Chéile” a tharla ní ba luaithe i mbliana agus tá sé de chuspóir aige tacú le daoine agus le pobail chun bheith láidir trí aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine sna míonna amach romhainn.

 

Dúirt an Cllr. Niamh Kennedy, Cathaoirleach ar an Choiste le haghaidh Forbairt Phobail Áitiúil i nDún na nGall: “Tá na daoine iad féin ag croílár an fheachtais COSAIN DO SHLÁINTE agus tá súil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, trí Cheolchoirm Phobail na Nollag – Cosain do Shláinte – go mbainfidh daoine sult agus pléisiúr as bheith rannpháirteach le daoine eile, agus go gcuideoidh sin, ar dhóigh bheag éigin, chun dea-aoibh na Nollag a chur orthu siúd nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh i ngnáthimeachtaí pobail dá gcuid féin mar go bhfuil siad ag fanacht sa bhaile #LeChéileScartha”.

 

Is é Éire Shláintiúil, tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann le maoiniu ón Chiste um Éire Shláintiúil agus ó chiste Sláintecare, arna sheachadadh ag Pobal, atá ag cur an fheachtais COSAIN DO SHLÁINTE chun cinn.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO