Nuair a chuaigh Dún na nGall chuig Leibhéal 3 den Phlean chun Maireachtáil le Covid sa tír Dé hAoine seo caite, b’éigean d’ionaid chultúrtha an chontae a ndoirse a dhruidim d’imeachtaí poiblí. Dá bharr sin, tá ealaíontóirí, ceoltóirí, agus eagraitheoirí agus ionaid, a bhí ag obair ar imeachtaí mar chuid d’Fhéile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm, ar a ndícheall anois le dátaí úra a shocrú do na himeachtaí beo sin a fógraíodh ach, ar an drochuair, a cuireadh ar ceal. Foilseofar dátaí úra ar shuíomh na féile de réir mar a bheas siad ar fáil.
Deborah Cunningham
Idir an dá linn, tá clár imeachtaí ar líne de chuid na Féile ag leanúint ar agahidh an tseachtain seo leis an dara heagrán de Drumshee Days, sraith ceithre pháirt le Dark Daughter Productions, cuntas greannmhar ar an saol i Halla Damhsa i nDún na nGall sna Caogaidí. Scríofa ag Maura Logue, le ceol agus léiriú ag David Ison, is féidir leat an chéad chuid eile – The Merry Widows – a fheiceáil Dé hAoine beag seo 2 Deireadh Fómhair ó 7pm. Craolfar an seó ar chainéal Youtube na Féile, atá ar fáil ar shuíomh idirlín na Féile.
Paul Martin
Dé Domhnaigh 4 Deireadh Fómhair, beidh Amhráin le haghaidh Tráthnóna Fómhair ar siúl ag baill Chór na gCruach Gorm agus bunaitheoirí Fhéile Cheoldráma Thamhnach an tSalainn Deborah Cunningham (Soprán), Paul Martin (Baratón) agus Evan McGarrigle ( Pianó), seó a taifeadadh níos luaithe an mhí seo i dtimpeallacht álainn an Garden Suite ag Óstán Harvey’s Point, Loch Iascaigh. Féasta de d’áirianna agus dísréid a bheas ann ó La Traviata, Candide agus Sweeney Todd, chomh maith le rogha píosaí don phianó ó Mozart agus Beethoven (Sonata Uimh. 8), agus bainfidh daoine a bhfuil dúil acu i gceol córúil, ceoldrámaíochta, agus clasaiceach, bainfidh siad siúd an-sult as. Craolfar an ceadal ó 8.00pm ar chainéal Youtube na féile, a dtig teacht air ó shuíomh gréasáin na féile.
Evan McGarrigle
Lena chois sin, chuir Treehouse tús lena sraith cheolchoirmeacha féin ar líne don fhéile, a bhfuil ceithre léiriú ann, le seó thar barr ar fad ó Connor McGowan as Doire (nó Ego The Jackal fosta) oíche Dé Máirt seo caite. Ag teacht oíche Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair beidh Alan Finan, arb as Béal Atha Seanaidh ó dhúchas dó, lena stíl ar leith de cheol leictreonach pobail.
Alan Finan
Agus sa deireadh, beidh ócáid liteartha na féile ar siúl ar líne – Comhrá le scríbhneoirí Elaine Feeney, Helen Cullen agus Denise Blake – ar ardán Zoom á óstáil ag Ionad Ealaíon agus Cultúir na Mainistreach tráthnóna Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair. Tá an ócáid seo SAOR IN AISCE ach is gá clárú roimh ré trí ríomhphost chuig: [email protected].
Elaine Feeney
Tuilleadh eolais
Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm f/c Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Dhún na nGall. T: 074 9163832 R: [email protected]
Treehouse. Keith Mannion T: 087.1253736 R: [email protected]
Féile Ceoldrámaíochta Thamhnach an tSalainn /Cór na gCruach Gorm. Deborah Cunningham T: 087.2230349 R: [email protected]
Ócáid Liteartha na Féil. Denise Blake T: 087.6486079 R: [email protected]