An Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Breitheamh Paul Kelly, An Clr. Barry Sweeny agus baill den Chomhchoiste Póilíneachta chomh maith leis na buaiteoirí ag an ócáid bhronnta oíche Aoine (14ú Feabhra)
Reáchtáil Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall oíche Aoine seo a chuaigh thart (14ú Feabhra 2020) i dTeach an Chontae, Leifear.
Tugann na gradaim aitheantas don obair mhór mhaith a bhíonn ar siúl ag daoine óga idir 13 agus 21 i ngach pobal sa chontae. Bhí próiseas an iarratais ar oscailt ó bhí mí na Samhna ann, áit a raibh ainmniúcháin á lorg faoi cheithre rannóg éagsúla.
Dúirt an tArd-cheannfort Terry Mc Ginn ‘Tá áthas ar an Gharda Síochana go bhfuil siad ábalta Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige 2019 a reáchtáil i gcomhar le Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall. Bhí caighdeán na n-ainmniúchán iontach ard arís i mbliana. Tá mé buíoch dóibh siúd a ghlac am agus a chuir ainmneacha chun tosaigh. Tréaslaím le hachan duine a ainmníodh. Tá siad ag cur go mór lena bpobail féin agus níl dabht ach go n-éireoidh go geal leo amach anseo. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad agus guím achan rath agus ádh orthu sa todhchaí.’
Seo a leanas na daoine a ainmníodh –
Paul Barron
Alida Byrne
Emma Carr & Caolán Boyle
Orla Corry
Comhairle na nÓg Dhún na nGall
Katie Mellet
Annie Mc Laughlin
Jodie Mc Fadden
Kate Rogers
Keeva Thompson
Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) Coláiste Magh Ene, Bun Dobhráin
Nadine Toye
Fógraíodh na buaiteoirí agus rinne an Breitheamh Paul Kelly, Cathaoirleach Choiste Breithnithe Ghradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall na duaiseanna a bhronnadh orthu ag an ócáid bhronnta oíche Aoine.
Thréaslaigh an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall leo siúd uilig a fuair ainmniúchán ‘Tá lúcháir mhór ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall go bhfuil siad mar chuid den Scéim Dhámhactainí seo do 2019. Léiríonn na daoine óga seo an díograis agus feasacht shóisialta a ardaíonn an chuid is mó den aos óg sa tír seo agus tá todhchaí gheal romhainn mar gheall air. Tá tionchar ollmhór acu agus tá siad ag cur go mór leis na pobail a bhfuil siad ina gcónaí iontu agus tá sé tábhachtach go dtugtar aitheanas ní hamháin do na buaiteoirí ach dóibh siúd uilig a fuair ainmniúchán fosta’.
Buaiteoirí na nGradam:
Gradam Aonair
Nadine Toye
Gradam Gaisce
Paul Barron
Gradam na nGrúpaí
Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) Coláiste Magh Ene, Bun Dobhráin
Gradam Sábháilteachta Pobail
Comhairle na nÓg Dhún na nGall
Déanfaidh na buaiteoirí ionadaíocht do Dhún na nGall ag Gradaim Náisiúnta na nÓg a bheas ar siúl i mí Aibreán 2020.
CRÍOCH
Baill ó Chomhairle na nÓg, Dhún na nGall, buaiteoirí an rannóg ‘Sábháilteacht Phobail’ ag glacadh lena nduais ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.
Gradam na nGrúpaí – Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) agus a múinteoir an tUasal Garvin ó Choláiste Magh Ene, Bun Dobhráin, buaiteoirí rannóg na ngrúpaí. Seo iad ag glacadh lena ngradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.
Gradam Aonair– Nadine Toye, buaiteoir an Ghradaim Aonair ag Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall. Seo í ag glacadh lena gradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.
Gradam Gaisce - Paul Barron, buaiteoir an Ghradaim Gaisce ag Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall. Seo é ag glacadh lena ghradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.