Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Léigh DL an Earraigh seolta

Léigh DL an Earraigh seolta

Read DL

Baill de Choiste Léigh DL i ngrianghraf le haíonna speisialta ag Seoladh Léigh DL

 

Tá breis agus 2,000 duine ar fud Dhún na nGall ag toiseacht amach ar thuras filíochta san Earrach i ndiaidh do Léigh DL 2020 a bheith seolta. Chuaigh an tionscnamh léitheoireachta “Leabhar Amháin, Pobal Amháin” i gcomhpháirt le hoifig Laureate na nÓg chun casadh beag a chur san eachtra bhliantúil léitheoireachta a bhfuil de chuspóir aige suim a spreagadh san fhilíocht.

 

Tá clú ar Laureate reatha na nÓg, Sarah Crossan, mar fhile agus mar údar ficsin le haghaidh páistí agus daoine fásta óga a bhfuil fréamhacha acu i nDún na nGall.  Faoin chomhpháirtíocht seo, reáchtálfar cúig cinn de cheardlanna i mbunscoileana ar fud Dhún na nGall, ag a n-oibreoidh an file áitiúil Denise blake le páistí lena ndánta féin a chumadh.  Léifear rogha dánta acu seo os ard leis an lucht éisteachta ag searmanas clabhsúir Léigh DL in Amharclann an Bhalor ag deireadh mhí an Mhárta.

 

Seo an deichiú bliain den chomhpháirtíocht idir na páirtithe leasmhara ar fad atá bainte le Léigh DL.  Oibríonn sé faoi choiste ilghníomhaireachta atá faoi cheannas ag comhordaitheoirí ó Choláiste an Earagail, Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Leitir Ceanainn, Bord Oideachais agus Oiliúna Leitir Ceanainn agus Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Chontae Dún na nGall.  Is de bharr an chomhoibrithe idir na heagraíochtaí seo atá rath agus bláth ar an Tionscadal.  Tá caidrimh mhaithe oibre bunaithe agus cuspóir comónta ann chun dlúthpháirtíocht phobail a chruthú, agus san am céanna an léitheoireacht agus an litearthacht a chur chun cinn.

 

Thug Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy, ardmholadh don chur chuige rathúil comhpháirtíochta idir na páirtithe leasmhara ar fad atá bainte leis an tionscnamh.  “Tríd na háisineachtaí áitiúla a thabhairt le chéile chun tacú leis an litearthacht agus le forbairt na léitheoireachta tá muid in ann cur chuige comhordaithe, inbhuanaithe agus caighdeánaithe a sholáthar chun seirbhísí a chur ar fáil sa phobal”.

 

Lean sí ag tabhairt ardmholadh don obair iontach atá ar bun ag Coiste Léigh DL trí bhéim a chur air mar “sampla iontach den dóigh ar féidir fócas pobail agus cur chuige comhpháirtíochta i dtaca le foghlaim fad saoil agus cuimsiú sóisialta a chur i bhfeidhm chun tionchar dearfach a imirt ar shaol cuid mhór daoine.”

 

Read Dl NK

Leas-Chathaoirleach Clr. Niamh Kennedy ag léamh dáin de chuid Noelle Vial, arb as na Cealla Beaga ó dhúchas í.

 

Is é an leabhar atá roghnaithe i mbliana ná ‘Hopscotch in the Sky’ le Lucinda Jacob, cnuasach dánta atá scríofa go gleoite agus iontach soléite.  Is file, maisitheoir agus údar ficsin do dhaoine óga í Lucinda.  Tá roinnt leabhair phictiúr agus leabhair scéalaíochta scríofa agus maisithe aici le haghaidh léitheoirí úra, scripteanna don chraoltóir náisiúnta RTÉ agus filíocht le haghaidh páistí níos sine, agus tá ábhar dá cuid i gcló i gcnuasaigh éagsúla.  Tá an leabhar galánta seo ar maos le maisiúcháin den scoth ón ealaíontóir ardghradamach Lauren Ó Néill, buaiteoir maisiúcháin ag Gradam Leabhair Pháistí na hÉireann in 2016.

 

Agus í ag caint thar ceann choiste Léigh DL ag an seoladh, molann Karen Sheey, Oifigeach Foirne le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, do na rannpháirtithe dul sa tóir ar dhánta a théann i gcion orthu féin.  “Roghnaíodh leabhar na bliana seo chan amháin de bharr na ndánta iontacha agus maisiúcháin áille atá ann, ach de bharr gur doras isteach chuig an fhilíocht atá ann, ar dhóigh atá furasta agus intuigthe ag gach duine. Bíodh sé ina chéim ar an aistear s’agat i dtreo tuilleadh filíochta”. Lean sí uirthi ag cur béim ar an ghné phobail den tionscnamh trí iarraidh ar gach duine tumadh isteach san fhilíocht an tEarrach seo.  “Tá réimse leathan filíochta ar fáil i leabharlanna, bíodh sin i do leabharlann áitiúil nó ar líne. Tugann do chárta leabharlainne cead duit suas le 12 leabhar a fháil san aon am amháin, mar sin de, thig leat cúpla leabhar a fháil ar iasacht leis na dánta a théann i gcion ortsa a aimsiú”.

 

Chuir Denise Blake leis an phointe sin ina caint féin, ag moladh do dhaoine léamh sa bhaile.  Tá deis ann fosta d’fhilí úra cur isteach ar chomórtas scríbhneoireachta Léigh DL agus freastal ar shraith imeachtaí sa phobal ar fud an chontae, mar sin de, tá neart le bheith páirteach ann.

 

Ag glacadh páirte

Tá an clárú le haghaidh rannpháirtíocht ghrúpa do chlár na bliana seo druidte anois, ach tá cóipeanna aonair den leabhar ar fáil i do leabharlann áitiúil.  Tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie le do chóip a chur in áirithe.

 

Is féidir leat fosta cuairt a thabhairt ar www.readdonegal.com le haghaidh tuilleadh eolais agus gníomhaíochtaí foghlamtha a ghabhann le ‘Hopscotch in the Sky’ agus le haghaidh teidil roimhe seo de chuid Léigh DL.

 

Coinnigh suas chun dáta trí Léigh DL a leanúint ar Facebook @readdlsocial agus Twitter @ReadDonegal.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO