Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhar le Fáilte Éireann, an pobal, údaráis thábhachtacha, páirtithe gnó agus páirtithe leasmhara chun Plean Bainistiú Cuairteoirí a chur ar fáil do Chionn Mhálanna. Is í aidhm an phlean ná cur le ceantar Chionn Mhálanna atá ar an phointe is faide ó thuaidh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Cuideoidh an plean le cúrsaí turasóireachta a fhorbairt ar shlí inbhuanaithe do na ceantracha atá thart air sa dóigh is go mbainfidh an pobal áitiúil leas eacnamaíoch as.
Thug comhráiteas a d’eisigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann ar 24ú Eanáir léargas ar an phróiseas comhairliúchán a tharla idir iad féin, an pobal agus páirtithe leasmhara difriúla bunaithe ar an phlean. Táthar ag smaoineamh ar an siúl a fhorbairt mar phríomhghníomhaíocht do chuairteoirí. Luadh cúpla bealach siúil sa cheantar a dtig forbairt a dhéanamh orthu.
Mar gheall ar imní a tháinig ón phobal, rinne an dá údarás athbhreithniú ar choincheapa an bhealaigh siúil agus cúrsaí léarscáilíochta. Tógadh na bealtaí seo amach as dréacht an Phlean Bainistiú Cuairteoirí.
Mar chuid den phróiseas iomlán, beidh feirmeoirí agus úinéirí tí a bhfuil spéis acu bealach siúil a fhorbairt, á lorg againn amach anseo ach beidh comhairliúchan iomlán le húinéirí a bhfuil imní orthu ann fosta. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann tiománta le bheith ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara uilig sa cheantar chun plean a thabharfaidh deiseanna iontacha d’fhorbairt eacnamaíoch agus turasóireachta Chionn Mhálanna a chur ar fáil.
Liam Ward
Comhairle Contae Dhún na nGall
Fiona Monaghan
Fáilte Éireann