Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tacaíocht mhór do #CeannaighDúnnanGall

10-11-2020 - Tacaíocht tugtha ag na céadta gnólacht as Dún na nGall don deireadh seachtaine #CeannaighDúnnanGall

 

Aon duine a bhí ar na meáin shóisialta an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, gach seans go bhfaca siad an haischlib #CeannaighDúnnanGall go mór chun tosaigh.  Fuair an feachtas, ar chuspóir leis gnólachtaí Dhún na nGall a cheiliúradh agus a thaispeáint ar fud an domhain, fuair sé an-tacaíocht agus chonaic breis agus 5 milliún duine ar Twitter féin é!  Tharla an rud céanna ar Facebook agus ar Instragram agus chuaigh an feachtas amach ar fud an domhain mhóir, agus cuireadh brandaí de chuid Dhún na nGall isteach in intinn agus i gcroí cuid mhór daoine!

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a d’fhorbair an feachtas #CeannaighDúnnanGall, le tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí nó seirbhís as Dún na nGall a cheannach agus sin a phostáil ar na meáin shóisialta leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall.  Thug cuid mhór daoine, ó bhreis agus 40 tír, cuairt ar an suíomh gréasáin tacaíochta buydonegal.com le linn an deireadh seachtaine.  Bhí os cionn 200 gnólacht, ó dhearthóirí go dtí déantóirí, táirgeoirí agus miondíoltóirí bia agus deochanna, uilig páirteach leis na hearraí is fearr atá ag gnólachtaí Dhún na nGall a chur ar taispeáint.

 

Agus í ag caint faoin fheachtas dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh: “tá lúcháir orainn leis an tacaíocht a fuair an feachtas. Mhol muid do dhaoine a ngualainn a chur leis an fheachtas agus tacú le gnólachtaí as Dún na nGall, agus sin go díreach an rud a rinne siad.  Is tógáil mhór croí é a leithéid de thacaíocht agus d’aisfhreagra a fháil ó gach duine a bhí páirteach, go háirithe i gcomhthéacs na ndúshlán atá roimh ghnólachtaí i mbliana.  Agus thug go leor de na hambasadóirí iontacha atá againn do Dhún na nGall lántacaíocht don fheachtas fosta, rud a chuidigh go mór, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár gcuid páirtnéirí sna meáin chumarsáide fosta as an obair thábhachtach a rinne said leis an fheachtas a chur chun cinn”.  ‌

 Dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall leis: “tá a fhios again go bhfuil cuid mhór dúshlán roimh an phobal gnó sa chontae s’againne faoi láthair, agus thug an feachtas seo ardán dóibh a gcuid tallainne agus nuálaíochta a chur ar taispeáint. Tá dea-scéala faigte ar ais againn ó ghnólachtaí a raibh an-rath orthu le linn an deireadh seachtaine #CeannaighDúnnanGall. Tá lúcháir orainne sin a chluinstin agus léiríonn sé cé chomh tábhachtach agus atá tionscnaimh den chineál seo trína dtig linn tacú lena chéile.”

 

Anois agus béim ar a bheith ag tacú leis an saol gnó i nDún na nGall go mór chun tosaigh, leanfar ar aghaidh leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall i ndiaidh an deireadh seachtaine. “Leanfaidh muid orainn ag cur chun cinn agus ag tacú leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall chun cuidiú lenár ngnólachtaí ar fad agus an Nollaig ag druidim linn. Beidh sé seo an-tábhachtach ar fad nuair a osclófar doirse na siopaí arís” arsa Garry Martin chomh maith.  

Do mhuintir Dhún na nGall, i gcéin is i gcóngar, is féidir leat leanúint ort ag amharc ar a bhfuil ar fáil ónar gcuid gnólachtaí trí chuairt a thabhairt ar buydonegal.com agus do thacaíocht a léiriú trí phostáil a dhéanamh ar na meáin shóisialta leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall nó #BuyDonegal.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO