Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Trail Gazers agus Leibhéal na hInse

16/11/2020 – Trail Gazers agus Leibhéal na hInse ar na haerthonnta, Dé Céadaoin, 18 Samhain.

 

 

Beidh Trail Gazers agus an cosán siúil píolótach sa chontae le feiceáil ar chlár Nationwide de chuid RTÉ ar an Chéadaoin, 18 Samhain atá á chraoladh mar chuid de shraith chlár ar ghnéithe speisialta fá Dhún na nGall.  Is tionscadal an AE é seo atá á reáchtáil faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá Dún na nGall á cheiliúradh ar chlár Nationwide de chuid RTÉ a hAon an tseachtain seo le ceithre chlár iomlán fan chontae.  Bhí na láithreoirí Anne Cassin agus Bláthnaid Ní Chófaigh ar fud an chontae ag aimsiú scéalta agus daoine suimiúla agus ag scannánú in áiteanna faoi leith do chláir speisialta na seachtaine seo agus tá áthas ar Trail Gazers ag Leibhéal na hInse a bheith roghnaithe mar cheann de na scéalta speisialta seo.    

 

Tá Leibhéal na hInse ar cheann de na cosáin siúil is stairiúla in iarthuaisceart na hÉireann, is áit í inár bhuail Loch Súilí i nDún na nGall le Loch Feabhail i nDoire le chéile lá den saol. 

 

 

Sna 1800í, athraíodh an talamh garbh seascannach ina mhachaire torthúil i gceann de na tionscadail míntírithe talún is uaillmhianaí ar na hoileáin seo.

 

Sa lá atá inniu ann tá réimse éan imirceach agus éanlaith fhiáin sa cheantar agus i láthair na huaire mealltar na céadta siúlóirí agus rothaithe anseo chun taitneamh a bhaint as Cosán Leibhéal na hInse.

 

Sa deighleog seo a thaispeánann seatanna iontacha ceamara de Leibhéal na hInse agus den cheantar máguaird, tá an tuairisceoir Mary Harte ag labhairt le Mary Daly ón tionscadal Trail Gazers, Comhairle Contae Dhún na nGall, Maor na bPáirceanna Náisiúnta, Martin Toye agus staraí áitiúil agus úsáideoir an chosáin, Dessie McCallion.

 

Sna hagallaimh, léireofar eolas faoin spéis as an úr atá i gcosáin siúil agus rothaíochta, fan éanlaith fhiáin atá le feiceáil go flúirseach sa cheantar agus an tábhacht a bhaineann le tionscadal an Trail Gazers.  Tá i bhfad níos mó i gceist na an cosán amháin, baineann sé i ndáiríre le heispéireas iontach a chruthú do dhaoine agus sin an áit a bhuaileann Trail Gazers an crú ar an tairne.

 

Is scéim píolóta é Trail Gazers ag Leibhéal na hInse, ceann as ocht gcinn san Eoraip (níl ach 2 cheann acu in Éirinn) – is é sprioc an tionscadail seo ná forbairt eacnamaíoch tuaithe a spreagadh trí infheistíochtaí a dhéanann údaráis áitiúla a nascadh le bonneagar siúil agus áineasa leis na bailte beaga máguaird agus sráidbhailte; líon na ndaoine a thagann chun sult agus pléisiúir a bhaint as na háiteanna seo a mhéadú  - agus pobail áitiúla a chothú dá réir.

 

 

Tá na páirtithe leasmhara áitiúla ríthábhachtach do rath an tionscadail seo.  Trí phlean cosán pobail saincheaptha a fhorbairt agus daoine áitiúla a spreagadh le bheith ina ‘ambasadóirí cosán pobail’ nó ina gcoimeádaithe ar na suíomhanna nádúrtha seo - tá sé mar aidhm ag Trail Gazers uaillmhian don cheantar a athbhunú agus a chur in iúl gur féidir le duine amháin an-difear a dhéanamh sa phobal sin!

 

Ag labhairt fan chuid a chraolfar ar RTÉ, dúirt Bainisteoir an Tionscadail Loretta McNicholas ‘díríonn seo, ní amháin ar áilleacht Leibhéal na hInse, ach ar ach an tábhacht a bhaineann le Trail Gazers don cheantar agus ar an tionchar a d’fhéadfadh seo a imirt ar an gheilleagar tuaithe áitiúil’.

 

Thug an tAonad Taighde agus Beartais, Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall anáil na beatha don tionscadal seo - treoróidh Trail Gazers infheistíocht sa todhchaí i gcosáin siúil agus rothaíochta agus is féidir an múnla seo a chur i bhfeidhm in áiteanna ábharacha eile ar fud ár gcontae agus i ngach réigiúin chomhpháirtíochta eile dár gcuid.  

 

Is féidir Nationwide a fheiceáil ar RTE a hAon ag 7pm nó ar an imreoir RTE anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO