#GlantachánMórDhúnnanGall
Tacaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall le coistí, idir bheag agus mhór, a bhfuil sé de rún acu glantachán a dhéanamh trí mhálaí, lámhainní agus piocairí bruscair srl a chur ar fáil dóibh.
#GlantachánMórDhúnnanGall
Má tá suim agat glantachán pobail a reáchtáil, déan teagmháil linn trí scairt a chur ar 074 91 53900 nó íoslódáil an fhoirm iarratais Glantachán Mór Dhún na nGall
Ná déan dearmad clárú le Glantachán Náisiúnta an Earraigh faoi choinne tuilleadh acmhainní trí scairt a chur ar an bheolíne (01) 4002219 nó clárú ar líne.
Scaip an Scéal faoi do Ghlantachán Pobail
Ba mhaith linn tú grianghraif agus eolas ar na glantacháin thart ar Dhún na nGall a scaipeadh. Scaip do chuid grianghraf trí chlibeáil a dhéanamh le @DonegalCouncil ar Twitter nó le @donegalcoco ar Facebook agus úsáid #GlantachánMórDhúnnanGall.
Thig leat fosta grianghraif agus blúirín beag eolais faoi imeachtaí ar bith atá beartaithe agat a sheoladh ar ríomhphost chuig jlynch@donegalcoco.ie
Agus ná déan dearmad an scéala a scaipeadh go náisiúnta fána bhfuil ag tarlú anseo ach é a sheoladh chuig leathanach Facebook Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh.
Grúpa |
Áit Choinne |
Dáta |
Am |
YMCA Dhún na nGall |
Trá Mhachaire Rabhartaigh |
3 Aibreán |
Le dearbhú |
Crossroads and Killygordon Enterprise (CAKE) |
Cúil na gCuirridín |
5 Aibreán |
Le dearbhú |
Bailte Slachtmhara / Cumann Pobail Chúil Dabhcha |
An Halla Beag |
6 Aibreán |
10am |
Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha |
Oifig Turasóireachta Bhun Cranncha |
6 Aibreán |
10am-12am |
Cumann Áitritheoirí Bhaile Mhic Comhghaill |
Tír na nÓg, Baile Mhic Comhghaill |
6 Aibreán |
10am |
Bailte Slachtmhara Bhaile Dhún na nGall |
An Chearnóg, Baile Dhún na nGall |
6 Aibreán |
Le dearbhú |
Bailte Slachtmhara Mhainéar Uí Chuinneagáin |
Sráidbhaile Mhainéar Uí Chuinneagáin |
6 Aibreán |
Le dearbhú |
Cumann Áitritheoirí Chnó Dara |
Béal Átha Seanaidh |
6 Aibreán |
10am |
N/Bh |
Teach Radharc na Farraige, Tamhnach an tSalainn |
6 -7 Aibreán |
Le dearbhú |
Cairde Ros Neamhlach |
Carrchlós Chumann Surfála Ros Neamhlach |
7 Aibreán |
12am |
Cóstaí Glana Thrá na Dumhaí |
Trá na Dumhaí |
7 Aibreán |
Le dearbhú |
Líonra Pobail an Chlocháin Léith |
Óstán Mhic Suibhne |
7 Aibreán |
12am-2pm |
Grúpa Áitritheoirí Ard Baithín |
Ard Baithin, Baile Suingean |
12 Aibreán -13 Aibreán |
Le dearbhú |
Bailte Slachtmhara na Ceathrú Caoile |
Páirc Ráib |
13 Aibreán |
10am-12am |
Líonra Pobail an Chlocháin Léith |
Óstán Mhic Suibhne |
14 Aibreán |
12am-2pm |
Cóstaí Glana an Fháil Charraigh |
Trá Chúl na mBádaí |
20 Aibreán |
12.30am |
Cumann Áititheoirí Ghléib Dhroim Bristean |
Gléib Dhroim Bristean |
21 Aibreán |
11am |
Cumann Áititheoirí Ghleann Uchta |
Eastát Ghleann Uchta |
2 Bealtaine |
Tráthnóna |