Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deireadh Fómhair

07-10-2022 - Ceangal Dhún na nGall 2022 - DNA na hÉireann ar taispeáint in aon deireadh seachtaine amháin

Phill Ceangal Dhún na nGall mar ócáid i bpearsa in 2022, mar chuid de Shraith Dhomhanda na bhFéilte Gaelacha i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus is pilleadh snasta spleodrach a bhí ann!

 

Bhí Donegal Connect ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine idir an 22-25 Meán Fómhair, inar cuireadh tús le cúrsaí ag ócáid ​​seolta ar an Déardaoin 22 Meán Fómhair in Óstán Tuaithe galánta Gharrán an Chaisleáin ar imeall Leitir Ceanainn.

 

Garry Martin, Director of Economic Development

Joan Crawford, Manager – Wild Atlantic Way, Fáilte Ireland

Orla O’Hagan, CEO Orla Vera Accessories

An Cathaoirleach Cllr. Liam Blaney, Donegal County Council

John G. McLaughlin, Chief Executive Donegal County Council

Ó Chlé: Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall, Joan Crawford, Bainisteoir – Slí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann, Orla O'Hagan, POF Orla Vera Accessories, An Cathaoirleach An Comh. Liam Ó Bléine, Comhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Ó na Cealla Beaga go Bun Cranncha ó Ráth Bhoth go hArd an Rátha agus gach áit idir eatarthu bhí aicsean ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine ar fad i nDún na nGall. Ba é ‘ócáid ​​ancaireachta’ an deireadh seachtaine ná Dámhachtainí Diaspóra Éireannach Tip O’Neill a bhí ar siúl in Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha ar an 23 Meán Fómhair agus muid ag tabhairt ómós do Kathleen Sheerin, an Dr Susan K. Whoriskey, Moya Doherty agus Ann & Mark Baiada as an tionchar agus an obair fad saoil atá déanta acu ina réimsí éagsúla.

 

Dúirt An Cathaoirleach An Clr. Liam Ó Bléine: “Ar an chéad dul síos, ba iontach an rud é Ceangal Dhún na nGall a bheith ar ais mar imeacht i bpearsa do 2022. Bhí athcheangal lenár nDiaspóra agus leo siúd a bhfuil grá acu do Dhún na nGall ina théama tábhachtach do 2022 i gcoitinne, agus léirigh Ceangal Dhún na nGall é sin ar an oiread sin bealaí. Bhí an téama sin chun tosaigh go mór ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O’Neill agus an oiread sin daoine aithnidiúla i ndiaidh taisteal ó Mheiriceá agus ón Bhreatain le bheith linn. Táimid ag tnúth le tógáil ar an dul chun cinn seo in 2023”.

 

Back Row: John G. McLaughlin, Donegal County Council, Shelly O’Neill, Tom O’Neill, An Cathoirleach Cllr. Liam Blaney
Front Row: Kathleen Sheerin, Ann Baiada, Mark Baiada, Minister Charlie McConalogue T.D, Dr. Susan K. Whoriskey and Moya Doherty

Ar chúl: John G. McLaughlin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Shelly O'Neill, Tom O'Neill, An Cathaoirleach An Comh. Liam Ó Bléine.

Chun tosaigh: Kathleen Sheerin, Ann Baiada, Mark Baiada, an tAire Charlie McConalogue TD, an Dr. Susan K. Whoriskey agus Moya Doherty

 

Thaispeáin an t-imeacht Blaiseadh de Bhailte Cianoibre, a bhí ar siúl ar an Aoine 23ú mar chuid de Cheangal Dhún na nGall sa CoLab i Leitir Ceanainn, thaispeáin sé na deiseanna den scoth agus na réitigh oibre solúbtha atá ar fáil i ngach cearn den chontae. Roinn na príomhchainteoirí, in éineacht le haíonna speisialta ó Chumann Sacair Chláirseacha na Finne, a gcuid scéalta féin faoi na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair go cianda, agus na deiseanna a thugtar dóibh lena n-áirítear cothromaíocht oibre/saoil níos fearr gan comhréiteach, cáilíocht beatha níos airde, agus níos mó ama le caitheamh leis na daoine is cóngaraí dóibh agus iad ag fiosrú na dtírdhreach agus na n-eachtraí iontacha a aimsítear ar leac an dorais acu.

 

 

Kevin Sexton, Head of Innovation for DCC, Anne Marie Conlon, Head of Economic Development for DCC, Elaine Whoriskey, Assistant Economic Development Officer DCC, Eric McWoods, Finn Harps, Elie Gael N’zeyi Kibonge, Finn Harps, Michelle Conaghan, North-West Regional Manager at the IDA, Steven Perry, Economic Development Officer for DCC

Kevin Sexton, Ceannasaí Nuálaíochta do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Elaine Whoriskey, Oifigeach Cúnta Forbartha Eacnamaíochta do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Eric McWoods, Cláirseacha na Finne, Elie Gael N’zeyi Kibonge, Cláirseacha na Finne, Michelle Conaghan, Bainisteoir Réigiúnach an Iarthuaiscirt ag an IDA, Steven Perry, Oifigeach Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

I rith an deireadh seachtaine reáchtáladh roinnt féilte lena n-áirítear Féile Johnny Doherty in Ard an Rátha agus Féile Scannán Disappear Here i mBaile Lifín. I bPáirc na hEala, Bun Cranncha, bhí atmaisféar carnabhail Cheangal Dhún na nGall san aer agus léiriúcháin de chuid Ghrúpa Carnabhail Inis Eoghain i lár an aonaigh sa pháirc, rud a rinne láthair dhraíochtúil mhiotasúil den pháirc, páirc a bhfuil athfhorbairt iomlán déanta uirthi ar na mallaibh.  Agus breis agus 1600 duine i láthair ar an lá d’éirigh thar barr leis agus dúirt go leor teaghlach agus iad ar a mbealach amach go raibh am ar dóigh acu.

 

Swan Park Carnival image

 

Agus an cuirtín druidte ar Cheangal Dhún na nGall 2022 is féidir linn a rá gan amhras gur féile thar a bheith taitneamhach a bhí ann do mhuintir Dhún na nGall agus go dtógfar air chun clár níos fearr go fóill a chur ar fáil do 2023.