Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deireadh Fómhair

20-10-2022 - Is féidir le tinte cnámh damáiste tromchúiseach a dhéanamh don chomhshaol agus dár sláinte

 

Thig le Oíche Shamhna a bheith iontach spraíúil mar fhéile, go háirithe dár leanaí agus daoine óga, agus cé gur mhaith linn am sultmhar a bheith ag gach duine, is é seo an t-am den bhliain nuair a iarraimid ar an phobal cuimhneamh gur féidir le tinte cnámh damáiste agus gortuithe tromchúiseacha a dhéanamh dár dtimpeallacht. agus dár sláinte.

 

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dtinte cnámh le blianta beaga anuas mar go n-aithníonn an pobal an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a bhainistiú ar bhealach freagrach, agus go n-úsáideann siad an réimse leathan seirbhísí dramhaíola agus athchúrsála atá ar fáil.

 

Roimh theacht Oíche Shamhna tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar shealbhóirí tí, ar ghnólachtaí agus ar phobail gan ábhar a chur ar fáil do thinte cnámh. Deir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola leis an Chomhairle “cé go n-úsáidtí adhmad agus tuí go traidisiúnta ar thinte cnámh ní hamhlaidh an scéal le blianta beaga anuas, agus dóitear ábhair ar nós boinn, tochtanna, leapacha, troscán, plaistigh, aerasóil, cúr, miotal, adhmad péinteáilte, adhmad cóireáilte, dramhaíl tí etc ar thinte cnámh. Tá an cineál seo gnímh mídhleathach. Is cion é fosta ábhar dramhaíola a sholáthar do dhaoine atá ag bailiú fá choinne tinte cnámh. Déanann dóghadh neamhrialaithe na gcineálacha seo dramhaíola an-dochar dár sláinte agus dár gcomhshaol de réir mar a chruthaítear dé-ocsainí díobhálacha agus a scaoiltear iad isteach san aer a análaimid."

 

Is minic a thógtar tinte cnámh cóngarach do thithe agus do mhaoin eile agus is féidir damáiste agus gortuithe tromchúiseacha a tharla mar gheall orthu, go háirithe nuair a bhíonn ábhair an-indóite á ndóghadh. Mar thoradh ar na heachtraí seo cuirtear brú ar acmhainní ríthábhachtacha amhail an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, an tSeirbhís Dóiteáin agus na Gardaí.

 

Dúirt sí fosta: “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag déanamh monatóireachta faoi láthair ar roinnt láithreacha inar soláthraíodh ábhar dramhaíola mar ábhar tine chnámh le roinnt blianta anuas”.

 

Chun sláinte daoine agus an comhshaol a chosaint, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach gnólacht agus ionad tráchtála atá, nó a bhí, bainteach le díol, soláthar, seachadadh, bailiú nó cóireáil bonn nó bonn dramhaíola - mar shampla, miondíoltóirí bonn, soláthraithe, díoltóirí gluaisteán, gléasra ar cíos, clóis chonamair agus bailitheoirí/áiseanna dramhaíola srl - a chinntiú go ndéantar gach bonn agus dramhbhoinn a stóráil agus a bhainistiú go sábháilte dá réir ionas nach mbeidh siad mar chuid d’aon tine chnámh, bíodh sin de thaisme nó eile.

 

Déan teagmháil leis na Seirbhísí Éigeandála trí ghlaoch a chur ar 999 nó 112 má tchíonn tú tine chnámh á lasadh in aice le foirgnimh, crainn, cáblaí lasnairde, seirbhísí faoi thalamh nó limistéir pháirceála.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an dóigh le do dhramhaíl a bhainistiú i gceart tabhair cuairt ar www.donegalcoco.ie agus www.mywaste.ie .