Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deireadh Fómhair

06-10-2022 - Fód tiontaithe ar Na Cealla Beaga 2040 – Tionscadal Athnuachana Lár an Bhaile

A Sod turning ceremony to mark the start of the works on “Killybegs 2040 – A Town Centre Regeneration Project” took place on Monday 3rd October 2022

 

Ar an Luan 3 Deireadh Fómhair thiontaigh An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, in éineacht le ComhaltaíTofa Cheantar Bardasach Dhún na nGall, thiontaigh sé an fód ar Na Cealla Beaga 2040 – Tionscadal Athnuachana Lár an Bhaile.

 

Tá an tionscadal suntasach athnuachana seo cómhaoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Chiste um Athnuachan & Forbairt Tuaithe, atá ina phríomhghné de Thionscadal Éireann 2040. Is toradh é an tionscadal ar chomhoibriú idir an pobal áitiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

 

Ag fáiltiú roimh dhul chun cinn an tionscadail amach go dtí an suíomh anois, dúirt an tAire McConalogue: “Is clochmhíle thábhachtach den tionscadal seo anois é go bhfuil tús á chur le hobair thógála ar an tsuíomh, clochmhíle ina gcuirfear i bhfeidhm an infheistíocht shuntasach atá curtha ar fáil do lár baile na gCealla Beaga agus don réigiún tríd an Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe. Tréaslaím le gach duine a bhí páirteach as an obair chrua a rinne siad chun an tionscadal a thabhairt chun cinn go dtí an pointe seo agus tá mé ag tnúth leis na buntáistí breise a thabharfaidh an tionscadal seo do na Cealla Beaga agus do bhunadh na háite ó thaobh na turasóireachta, na fostaíochta agus na tráchtála de, a fheiceáil.”

 

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal creatlach uirbeach an bhaile a bhunathrú trí athnuachan spriocdhírithe agus feabhsuithe comhshaoil, rud ​​a chuirfidh le háit níos tarraingtí do chónaitheoirí, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí a chruthú agus rud a spreagfaidh cruthú post, méadú ioncaim agus gníomhú na hearnála príobháidí. Mar chuid íocónach den tionscadal déanfar athfhorbairt shuntasach ar Theach an Oileáin, mar chomhlánú ar an athrú atá beartaithe ar an charrchlós poiblí atá ann cheana féin ag an Chearnóg, chun é a thiontú ina spás cathartha ina mbeidh acmhainní il-úsáideoirí a spreagfaidh cuairteoirí agus cónaitheoirí chun teacht go lár an bhaile.

 

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall:  “Is iontach an rud é maoiniú den scála seo a fheiceáil infheistithe i nDún na nGall, rud a d’fhéadfadh fíor-dhifríocht a dhéanamh dár bpobail tuaithe. Is comhartha soiléir é ar thiomantas na Comhairle d’athnuachan agus d’athghiniúint ár mbailte agus ár sráidbhailte ar fud an Chontae agus tá gach muinín agam go dtacóidh an tionscadal seo le gnólachtaí nua agus le gnólachtaí atá ann cheana féin sna Cealla Beaga agus go soláthróidh sé caighdeán saoil feabhsaithe don phobal áitiúil”.

 

Dúirt an Comhairleoir Niamh Kennedy, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Dhún na nGall, “go gcuirfidh an tionscadal spreagúil seo go mór le lár an bhaile, ag cruthú limistéar poiblí spreagúil agus ag ionchorprú Theach an Oileáin atá folamh le blianta fada agus atá ina radharc gránna sa lár. Beidh an foirgneamh seo ina shainchomhartha agus mar chuid lárnach de na Cealla Beaga ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ár gceann scríbe eolais do thurasóirí, ár n-áiseanna pobail lena n-áirítear leithris phoiblí agus spás cathartha inmheánach ina dtaispeánfar an baile s’againn don phobal, lena n-áirítear ár n-oidhreacht iascaireachta agus ár stair dhomhain a théann i bhfad siar. Agus de bharr go mbeidh spás comhroinnte don nuálaíocht ann, beidh sé seo ina ghné úr don bhaile agus cruthófar gné úr ar leith do na Cealla Beaga. Spás comhroinnte ar féidir lenár bpobal a bheith bródúil as.”

 

Tá McDermott & Trearty Construction Ltd ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun Na Cealla Beaga 2040 – Tionscadal Athnuachana Lár an Bhaile a chur i bhfeidhm, agus é le bheith críochnaithe faoi dheireadh 2023.

 

Tá seirbhísí na Foirne Dearaidh ar an tionscadal seo á soláthar ag McCabe Architects atá lonnaithe i nDún na nGall.