Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deireadh Fómhair

07-10-2022 - Páirc Swan i mBun Cranncha le hócáid a óstáil an Oíche Shamhna seo

Delegates from Donegal County Council and Derry and Strabane District Council with performers- for the Inishowen Carnival Group  for the upcoming Swan Park Halloween Event

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair arís le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun eispéireas Oíche Shamhna den scoth, mar a bhíonn i nDoire, a thabhairt go Dún na nGall.

 

Déanfaidh Páirc Swan i mBun Cranncha ceiliúradh ar thraidisiún ársa na Samhna le heispéireas spleodrach a bheas ag fóirstean do gach aoisghrúpa, thar dhá oíche ar an 29 agus 30 Deireadh Fómhair ó 5pm-9pm

 

I miotaseolaíocht na hÉireann, is í Oíche Shamhna nó Samhain an t-am naofa sin nuair a philleann sprideanna agus taibhsí ón am atá thart ar an domhan. Chun an traidisiún ársa seo a cheiliúradh, tabharfaidh Páirc Swan onóir dár laochra finscéalaíochta agus cruthóidh muid eispéireas idirghníomhach d’Oíche Shamhna a bheas fóirsteanach do dhaoine de gach aois.

 

Beidh Grúpa Carnabhail Inis Eoghain ag obair le roinnt grúpaí as Bun Cranncha chun slí dhealbhóireachta agus léiriúcháin a chur i láthair, ina mbeidh carachtair mhórscála, dealbha lasta le soilse agus go leor taibheoirí taibhseacha. Beidh blas Ceilteach ar an tslí seo agus déanfar ceiliúradh ar sheanscéalaíocht phágánach na hÉireann.

 

Ó 5pm – 6pm beidh an tslí ar oscailt le ceol cúlra bog á sheinm, rud a bheas an-fhóirsteanach do lucht éisteachta óg nó do dhaoine a bhfuil íogaireacht éisteachta acu.

 

Ina dhiaidh sin, ó 6pm ar aghaidh éireoidh rudaí giota beag níos scanrúla, agus déanfar an chéad cheann de thrí léiriúchán arís ag 7pm agus 8pm. I measc na n-ealaíontóirí beidh rinceoirí ó Studio 47 agus Elite Dance Academy chomh maith le Banna Samba, Fire agus taibheoirí ar coisíocht.

 

Tá lúcháir mhór ar Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Liam Blaney an ócáid ​​seo a óstáil i bPáirc Swan, agus seo mar a labhair sé: “Tá muid i gcomhpháirtíocht arís lenár gcomharsana i nDoire agus ar an tSrath Bán chun ceann de na ceiliúrthaí Oíche Shamhna is mó ar domhan a thabhairt go Dún na nGall. Is áit bheoga spreagúil í réigiún iarthuaisceartach an oileáin seo le cónaí ann agus is breá liom óg agus aosta araon a fheiceáil ag baint sult agus bród as imeachtaí pobail amuigh faoin aer mar seo.”

 

Dúirt Méara Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Sandra Duffy, go raibh lúcháir uirthi clár Oíche Shamhna a fheiceáil ag dul isteach go Dún na nGall arís i mbliana. “Tá an-áthas orm a bheith ag obair arís lenár gcomharsana i nDún na nGall chun clár leathnaithe gníomhaíochtaí agus eispéireas feabhsaithe Oíche Shamhna a thairiscint d’aon duine a bheas ag taisteal anseo le haghaidh Oíche Shamhna. Tá líon na gcuairteoirí ag dul i méid i gcónaí, agus ós rud é go bhfuil na hóstáin ag cur thar maoil le cuairteoirí cheana féin ar na hoícheanta is gnóthaí atá againn, is féidir le cuairteoirí leas a bhaint as lóistín anois díreach síos an bóthar, agus blaiseadh a fháil d’imeachtaí na féile i bPáirc Swan agus dul ag cuartaíocht thart ar an réigiún ar fad agus iad anseo. Cuireann sé go mór le ceiliúradh Oíche Shamhna anseo.”  

 

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Forbartha Réigiún an Iarthuaiscirt an Bardasach Derek Hussey: “Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an scéala seo, mar shampla eile den chomhoibriú dearfach leanúnach idir Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall trí forbairt a dhéanamh ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí an Iarthuaiscirt agus Plean Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt. Tá sé mar aidhm ag an chomhpháirtíocht seo folláine agus fás sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil ​​a fheabhsú ar fud Réigiún na Cathrach Thiar Thuaidh. Is samplaí iad deiseanna spreagúla mar seo, a thaispeánann réigiún an Iarthuaiscirt agus ár dtáirge turasóireachta eisceachtúil, den dóigh a bhfuil na spriocanna seo ag dul chun sochair do mhuintir na háite agus ag cur le próifíl an réigiúin.”

 

I gcomhar le, agus le tacaíocht ó, An Oifig Feidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann