Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Deireadh Fómhair

08-10-22 Ráiteas ón Chathaoirleach An Clr. Liam Ó Bléine

 

Mar Chathaoirleach an Chontae agus thar ceann gach ball agus fhoireann Chomhairle Contae Dhún na nGall, ba mhaith liom ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl maidir leis an tragóid uafásach a tharla ar an Chraoslach..

 

Tá suaitheadh ​​agus brón mór ar fud an Chontae ar fad agus i bhfad i gcéin. Tá ár smaointe leis an phobal ar an Chraoslach, iad siúd a fuair scéala go bhfuair a ngaolta bás, na daoine a gortaíodh agus go háirithe iad siúd atá ag fanacht go himníoch le scéala faoina ngaolta atá go fóill ar iarraidh.

 

I ndiaidh domh cuairt a thabhairt ar an láthair i ndiaidh an phléascadh uafásach seo, ba mhaith liom ómós a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha agus do thiomantas na seirbhísí go léir a bhfuil baint acu leis an oibríocht tarrthála agus aisghabhála. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ról atá ag an FSS, na Gardaí, Seirbhís Dóiteáin na Comhairle agus baill foirne eile den Chomhairle. Ba mhaith liom fosta aitheantas a thabhairt as an chuidiú a fuarthas ó na Seirbhísí Éigeandála i dTuaisceart Éireann. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt as an chuidiú a thug an pobal áitiúil ar an Chraoslach agus sa cheantar máguaird a chuidigh go mór leis na hiarrachtaí leanúnacha.

 

Seasann muid go léir i ndlúthpháirtíocht le pobal an Chraoslaigh ag an am an-chrua seo. Tá ár gcuid smaointe agus paidreacha le teaghlaigh na ndaoine a fuair bás, leo siúd a gortaíodh agus leo siúd atá go fóill ar iarraidh.

 

Beidh sé doiligh do gach duine againn déileáil leis an tubaiste thragóideach seo a tharla ar an Chraoslach tráthnóna Dé hAoine. Ní thig linn ach a shamhlú cén t-ualach atá á iompar ag na daoine is cóngaraí don láthair agus go háirithe iad siúd a bhfuil gaol acu leis na daoine a fuair bás, a gortaíodh nó atá go fóill ar iarraidh.

 

Beidh ár dtacaíocht agus ár gcuidiú de dhíth ar phobal an Chraoslaigh, agus go háirithe ar na teaghlaigh atá buailte go mór ag an eachtra seo agus a bheas ag fulaingt sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn. Thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall, is mian liom ár dtacaíocht a ghealladh agus níl aon amhras orm ach go dtabharfaidh an pobal i gcoitinne i nDún na nGall a dtacaíocht chomh maith.