Bhain páistí gáire as an chuideachta i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar maidin (23ú Meán Fómhair), áit ar seoladh clár imeachtaí Wainfest 2022.
Is féile ealaíne agus leabhair do phaistí í Wainfest a théann siar i bhfad agus beidh sí ar siúl i mbliana ón 8ú-16ú Deireadh Fómhair. ‘Le Chéile Arís’ téama na bliana seo, téama a chuireann ina luí orainn gur féidir linn teacht le chéile arís le sult agus pléisiúr a bhaint as an chultúr trí 160 imeacht a bheas ar siúl le linn na féile. Beidh imeachtaí á reáchtáil in ionaid chultúrtha éagsúla ar fud an chontae -Ionaid Taobh Tíre, Ionaid Rannán Cultúir, ionaid chomhpháirtíochta agus leabharlanna, san áireamh .
Ag caint dó ag an seoladh, mhínigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Liam Bléine “go léiríonn an fhéile seo teacht aniar na seirbhíse leabharlainne- seirbhís a threabh clagfharraigí na paindéime agus arbh eigean í a chur in oiriúint leis an phobal a spreagadh, a mhealladh, a chumasú agus a tharraingt le chéile, go fóill.”
Dúirt sé an méid seo fosta “tá lúcháir orainn go mbeidh deis ag páistí ar fud Dhún na nGall páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla ina measc tá, taispeántais drámaíochta, cuairteanna ó údair, scríbhneoireacht chruthaitheach, ceardlanna eolaíochta, scéalaíocht, gníomhaíochtaí ETIM agus ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar na taispeántais speisialta de shárscannáin beochana do pháistí.
Le linn a chuid cainte, mhol an Cathaoirleach An Clr Liam Bléine comhpháirtithe Wainfest, dreamanna a chuir go mór le rath agus bláth na féile i gcaitheamh na mblianta “tá an-áthas orm go bhfuil cur chuige comhoibríoch, seasta ar bun go fóill in 2022. Is trí dhúthracht, trí stuaim agus trí chomhoibriú dá leithéid a mheabhraítear dúinn a thábhachtaí agus atá ról na n-údarás áitiúil i dtaca le cúrsaí cultúir agus cruthaitheachta a chur ar fáil.
Is fédir le teaghlaigh teacht ar bhróisiúr a bhfuil liosta de na himeachtaí ann atá beartaithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall, i leabharlanna nó in ionaid chultúrtha áitiúla nó trí shúil a chaitheamh ar an suíomh idirlín www.wainfest.ie .