Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Lúnasa 2022

15-08-2022 – Saoirse an Chontae bronnta ar Paul McGinley

Paul McGinley (centre) signs the Distinguished Visitors book alongside Donegal County Council Chief Executive John G. McLaughlin (Left) and Cathaoirleach of Donegal County Council Cllr. Liam Blaney (right)

Paul McGinley (sa lár) ag síniú Leabhar na gCuairteoirí Mór-le-Rá in éineacht le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G. McLaughlin (ar chlé) agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Liam Ó Bléine (ar dheis).  

 

Tráthnóna inniu, i suíomh aoibhinn galánta Óstán agus Galfchúrsa Bhaile Loiscthe sna Dúnaibh, d’óstáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Liam Ó Bléine, i gcomhar leis na Comhaltaí Tofa, searmanas cathartha chun Saoire Onórach an Chontae a bhronnadh ar an Uas. Paul McGinley.

 

D'aontaigh na Comhaltaí Tofa go mbronnfaí an onóir seo ar an Uas. Mc Ginley mar aitheantas as a chuid éachtaí gailf i gcomórtas na hEorpa agus PGA, as an chaptaenacht a bhaint amach ar Fhoireann na hEorpa i gCorn Ryder in 2014, agus as an obair ollmhór atá déanta aige le Dún na nGall a chur chun tosaigh mar cheann scríbe gailf.  

  

Agus é ag oscailt na hócáide, dúirt an Cathaoirleach, an Clr. Liam Ó Bléine: “Chan amháin go bhfuil clú agus cáil ar Paul McGinley as a chuid éachtaí spóirt, ach tá sé aitheanta fosta as an tacaíocht leanúnach a thugann sé d’fhorbairt earnáil an ghailf i nDún na nGall.” Dúirt sé go bhfuil a fhios ag achan duine “go bhfuil grá ag Paul don chontae agus do na galfchúrsaí atá ann.  Tá sé aitheanta mar fhear a bhfuil éirithe go maith leis ar leibhéal domhanda ach nach bhfuil aon dearmad déanta aige ar a dhúchas.” Dúirt sé ina óráid chomh maith “gur iomaí lá a chaith Paul i mBaile Loiscthe nuair a bhí sé óg, ag déanamh giollaíochta dá athair agus ag foghlaim faoi chora casta an ghailf mar chluiche. Mar sin de, nach maith agus nach cuí go bhfuil sé anseo inniu ag an ghalfchúrsa céanna sin leis an ardghradam seo a fháil mar aitheantas ar a chuid oibre chun tacú le hearnáil an ghailf sa chontae.”

 

Thréaslaigh Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an tUas. John McLaughlin, le Paul as an onóir seo a bhaint amach. Dúirt sé: “Tá sé d’ádh ar Dhún na nGall an oiread sin ambasadóirí den chéad scoth a bheith againn, agus tá Paul McGinley ina measc, ag léiriú díograis mhór don chontae” agus dúirt sé go raibh Paul ar dhuine de na príomhdhaoine a mheall Comórtas Oscailte na hÉireann go Dún na nGall in 2018 agus gur úsáid sé a sheasamh idirnáisiúnta le heispéireas an ghailf a chur chun cinn sa chontae. Mar fhocal scoir, ghabh sé gach dea-ghuí agus gach rath le Paul, lena theaghlach agus lena chairde, chomh maith le hoíche den scoth.

  

Thug ionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla ardmholadh do Phaul McGinley fosta as a chuid éachtaí iontacha sa ghalf agus as an obair leanúnach a dhéanann sé ar son Dhún na nGall mar cheann scríbe gailf den chéad scoth.  

 

Labhair Paul McGinley le paisean ag an searmanas agus dúirt go raibh go raibh sé ina onóir aige an gradam seo a bheith bronnta air. Mhothaigh sé dáimh i gcónaí le Contae Dhún na nGall, agus an méid a bhí bainte amach aige i rith a shaoil d’fhéadfadh sin a rianú siar go dtí an Contae, agus i ndiaidh imeachtaí an lae inniu dúirt sé gur duine de chuid Dhún na nGall é – féiniúlacht a bhfuil sé fíorbhródúil aisti.  Chuir sé síos ar Dhún na nGall mar sheoid faoi cheilt, seoid atá ar tí a bheith aitheanta ag daoine ar fud an domhain, agus go bhfuil an galf mar chainéal leis an chlú sin a iompar, agus dúirt sé: “dá mba stoc é Dún na nGall, bheinnse á cheannach anois, tá an oiread sin le tairiscint ag Dún na nGall”. Chuir sé clabhsúr le himeachtaí an tráthnóna trí bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí i láthair agus d’fhág sé an póidiam agus an slua ina seasamh ag tabhairt bualadh bos dó.

 

Tá Paul ar an deichiú duine a fuair an suaitheantas agus pionna atá coimisiúnaithe go speisialta ag an Chomhairle dóibh siúd amháin a bhfuil Saoirse an Chontae á bronnadh orthu.  

 

É déanta go healaíonta ag Geralding Hannigan, Dearthóir agus Gabha Óir, Leitir Ceanainn, tá an suaitheantas seo curtha suas ar chúlra agus is macasamhail airgid é de Shuaitheantas an Chontae a bhronn Príomh-Aralt na hÉireann ar an Chomhairle mar chuid de Dheonú Armas don Chontae. Is é atá ar an suaitheantas Cros na nDálach agus lunula. An lunula ar a bhfuil sé bunaithe, fuarthas é ag na Tréantacha, Contae Dhún na nGall, agus téann sé siar go dtí 1500-2,000 Roimh Chríosta. Tá sé ar taispeáint sa Mhúsaem Náisiúnta.  

 

I measc na ndaoine eile ar bronnadh Saoirse Chontae Dhún na nGall orthu tá Phil Coulter, Daniel O’Donnell, Patsy McGonagle, Shay Given, Packie Bonner, an 28ú Cathlán Coisithe, Anthony Molloy, Seamus Coleman agus Danny McDaid.