Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Aibreán 2023

Nuacht faoi Ghlasbhealach Inis Eoghain

Thug oifigigh de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall an nuacht is déanaí do chomhaltaí Cheantar Bardais Inis Eoghain maidir leis an dul chun cinn ar thograí Ghlasbhealach Inis Eoghain ag cruinniú Cheantar Bardais Inis Eoghain an tseachtain seo.

 

Nuair a bheas Glasbhealach Inis Eoghain curtha i gcrích cuirfidh sé ar fáil lúb leanúnach thart ar leithinis Inis Eoghain, agus ceanglóidh sé fosta le bonneagar rothar/siúlóide atá ann cheana féin i nDoire agus ar an tSrath Bán. Mar thoradh ar an ghréasán seo, cuirfear ar fáil thart fá 120k de bhonneagar glasbhealaigh d’ardchaighdeán.  

 

Dúirt Stephen Mc Crory, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach le Foireann Glasbhealtaí Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘Táthar ag dréim, de bharr sholáthar an ghlasbhealaigh ardchaighdeánaigh seo thart ar leithinis Inis Eoghain, go mbeidh tionchar dearfach aige ar an phobal áitiúil trí chonair shábháilte siúil agus rothaíochta a sholáthar idir bailte agus sráidbhailte áitiúla, aird a tharraingt ar an oidhreacht chultúrtha agus ar áilleacht mhór nádúrtha an cheantair, turasóirí a spreagadh chun teacht ar cuairt agus eolas a chur ar réigiún níos leithne Inis Eoghain, agus deiseanna sábháilte inbhuanaithe taistil agus fóillíochta a chur ar fáil do gach cineál úsáideora, agus mar thoradh air sin, cur le sláinte agus folláine an phobail s’againn. 

 

Go náisiúnta, tá an rialtas tiomanta chun bonneagar glasbhealtaí a thógáil in áiteanna ina dtig cás láidir gnó a thaispeáint. Tá an TII roghnaithe ag an rialtas mar údarás ceadaithe leis an tiomantas seo a chur i bhfeidhm agus bhí an TII iontach tacúil do sholáthar na nglasbhealtaí i nDún na nGall go dtí seo, go háirithe in Inis Eoghain.

 

Le cois na dtograí glasbhealtaí straitéiseacha de chuid TII, tá Togra Ghréasán Glasbhealtaí an Iarthuaiscirt (GGIT) ag dul chun cinn go maith le tacaíocht leanúnach ó mhaoiniú SEUPB INTERREG VA, i gcomhar le cómhaoiniú atá á sholáthar ag an Roinn Iompair agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.   

 

Tá Glasbhealach Inis Eoghain déanta suas de thograí glasbhealtaí aonaracha a sholáthraíonn le haghaidh sócmhainní straitéiseacha agus inbhuanaithe bonneagair ina gceart féin ach, nuair a cheanglaítear le chéile iad, go soláthraíonn siad gréasán ceangailte thart ar an leithinis’.

 

  


 

Chomhairligh Stephen Mc Crory ‘gur léirigh fianaise ó thograí glasbhealtaí eile gur daoine áitiúla a bhíonn i leathchuid de na cuairteoirí ar ghlasbhealtaí, rud a chuireann le sláinte agus folláine na bpobal seo agus rud a chuireann deiseanna réadúla ar fáil le haghaidh taisteal inbhuanaithe.’ Ag tuairisciú dó ar an dul chun cinn, mhínigh sé go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ar gach ceann de na Tograí Glasbhealaigh agus thug sé an t-eolas is déanaí faoi gach ceann acu.

 

Glasbhealach Magh go dtí na Trí Chrann, mar chuid de thogra GGIT arna mhaoiniú faoi SEUPB INTERREG V i gcomhar le cómhaoiniú ón Roinn Iompair, An Roinn Bonneagair (TÉ) agus Comhairle Contae Dhún na nGall, tá sé seo amuigh ar tairiscint faoi láthair agus tá an-suim léirithe ag comhlachtaí tógála áitiúla ann. Idir an dá linn, leanann Foireann Glasbhealtaí na Comhairle orthu a bheith i dteagmháil le húinéirí talún a bhfuil tionchar ag an scéim orthu. Trasna na teorann, tá tús curtha le hobair thógála ar an ghlasbhealach a cheanglaíonn Magh le Cathair Dhoire agus níos faide amach tríd an Chúil Mhór mar chuid de Thogra Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt.   

 

Tharla roinnt deacrachtaí ar an Ghlasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus An Baile Nua de bharr scaradh Thogra Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt, deacrachtaí atá réitithe anois, agus tá bealach soiléir chun tosaigh aitheanta.   Tá sé de rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall comhairleoirí teicniúla a cheapadh don togra seo sna míonna amach romhainn, chun cur leis an obair atá déanta go dtí seo agus an togra a cheangal le cuspóirí náisiúnta straitéiseacha do ghlasbhealtaí, agus le caighdeáin agus cóid chleachtais a eisíodh ar na mallaibh. Bainfear leas as an obair seo sa phróiseas dearaidh agus cuirfidh sí ar chumas an togra bogadh ar aghaidh faoi luas, ag cinntiú go gcuirfear iarratas láidir chuig An Bord Pleanála chun cead pleanála a fháil sa limistéar fíor-álainn seo, ach limistéar atá leochaileach ó thaobh na timpeallachta de.

 

Ceapadh comhairleoirí teicniúla ar Thogra Glasbhealaigh Carn Domhnach go Bun Cranncha i mí Eanáir 2023 agus tá dul chun cinn maith déanta. Tá an chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil beartaithe anois níos moille an mhí seo, Dé Máirt 25 Aibreán, i mBun Cranncha agus Dé Céadaoin 26 Aibreán i gCarn Domhnach.  Cuideoidh an comhairliúchán seo le limistéar an staidéir a chur in aithne don phobal, chomh maith le príomhchonstaicí agus príomhdheiseanna laistigh den cheantar. Tabharfaidh seo an chéad deis don phobal an togra a mhúnlú.  

 

Chomhairligh an tUas. Mc Crory gur fhógair TII, i mí Feabhra 2023, i ndiaidh dóibh aighneachtaí a fháil ón Chomhairle le linn 2022, gur fhógair siad maoiniú le haghaidh dhá thogra glasbhealaigh úr i gCeantar Bardais Inis Eoghain:

 

  • Críochnóidh Glasbhealach na Trí Crann go Carn Domhnach an lúb thart ar leithinis Inis Eoghain. “Seo é an píosa deireanach den lúb seo’ arsa an tUas. Mc Crory ‘agus soláthróidh sé gréasán glasbhealtaí idircheangailte thart ar leithinis Inis Eoghain, ag ceangal pobail áitiúla le chéile chomh maith le nascanna tábhachtacha trasteorann a sholáthar.’  

 

  • Soláthróidh An Glasbhealach ó na Carraigín go Leifear nascacht bhreise thrasteorann, chomh maith le bheith ag freastal ar phobail áitiúil ar feadh an bhealaigh. Táthar ag dréim go soláthróidh an glasbhealach seo nascacht idir Glasbhealach Ghleann an Fheabhail i nDoire agus Gréasán Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt i Leifir agus An Srath Bán. Tá an Fhoireann Glasbhealtaí ag ullmhú Tuairiscí Measúnachta Straitéiseacha faoi láthair do gach ceann de na tograí seo, agus leanfar le comhairleoirí teicniúla a cheapadh ina dhiaidh sin do gach togra.

 

San am i láthair, tá ocht gcinn de thograí glasbhealaigh á bhforbairt i gContae Dhún na nGall, cúig cinn acu a bhfuil an t-iomlán díobh nó cuid díobh laistigh de Cheantar Bardais Inis Eoghain, a bhfuil dhá scéim iomlán úr ina measc.  

 

Seo thíos na trí thogra atá fágtha ar fud an chontae:

 

  • Togra Ghréasán Glasbhealtaí an Iarthuaiscirt ó Leifear go Caisleán na Finne – obair thógála le toiseacht in 2023. 

 

  • Glasbhealach an Bhearnais Mhóir – a raibh a chéad chomhairliúchán poiblí aige i mí Feabhra 2023, ar a bhfuil roghanna bealaigh á bhforbairt anois.

 

  • An Glasbhealach ó Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn – a raibh a chéad chomhairliúchán poiblí aige i mí an Mhárta, ar a bhfil roghanna bealaigh á bhforbairt anois.

 

 

 

Is iad na stráiceanna atá fágtha, agus a chuirfidh críoch leis an ghréasán iomlán glasbhealtaí thart ar Inis Eoghain ná:

·                Magh go dtí na Trí Chrann

·                Ceann an Droichid go Bun Cranncha agus An Baile Nua

·                Bun Cranncha go Carn Domhnach

·                Na Trí Chrann go Carn Domhnach

 

Tá stráice breise de ghlasbhealach á shíneadh isteach, i bpáirt, go Ceantar Bardais Inis Eoghain, ag ceangal leis an obair a críochnaíodh i Leifear ar na mallaibh (curtha i gcrích in 2021 le maoiniú SEUPB INTERREG VA).

·                An Carraigín go Leifear