Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Bealtaine 2023

31-05-2023 – Bileog úr eolais don chuairteoir seolta do Bhun Dobhráin

New Discover Bundoran brochure launched

 

Tá Comhpháirtíocht Turasóireachta Bhun Dobhráin i ndiaidh a bróisiúr bliantúil agus treoir imeachtaí a sheoladh le haghaidh 2023. Tá eolas sa bhróisiúr 44 leathanaigh seo faoin réimse leathan gníomhaíochtaí, ar tír agus ar farraige,  atá ar fáil sa bhaile mhór cois cósta seo, chomh maith le pleananna turais leis an chuid eile den chontae s’againn, agus contaetha thart orainn, a thaistil.

 

Beidh an bróisiúr ar fáil i bhfoirm chlóite in oifigí turasóireachta agus in ionaid fáilteachais ar fud Dhún na nGall agus níos faide ar shiúl, agus beidh sé ar fáil le híoslódáil agus mar leabhar meariompaithe ar shuíomh gréasáin Discover Bun Dobhráin.  

 

‘Agus an oiread sin gníomhaíochtaí agus áiseanna ar fáil, bhí sé doiligh gach rud a bhrú isteach ann’ a dúirt Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin, ‘ach tá lúcháir orainn go bhfuil an oiread sin rudaí le déanamh anseo againn do chuairteoirí de gach aois, agus béim ar leith dár ndóigh ar imeachtaí teaghlaigh. Tá an bróisiúr ag cur thar maoil le smaointe faoi rudaí le déanamh, áiteanna le feiceáil agus eispéiris le blaiseadh nuair a bhíonn sibh anseo i mBun Dobhráin nó sa cheantar máguaird.’

 

Dúirt Cathaoirleach ar Discover Bun Dobhráin, John O’Connell fosta: ‘tugann bróisiúr na bliana seo treoir chuimsitheach faoina bhfuil ar fáil sa bhaile, chomh maith le féilire imeachtaí agus eolaire gnó, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na gnólachtaí sin ar fad a thacaigh leis an fhoilseachán seo i mbliana. Tá muid ag ullmhú le haghaidh samhradh gnoitheach eile anseo i mBun Dobhráin agus tá muid ag tnúth le fáilte a chur roimh na cuairteoirí ar fad le go dtig leo an méid atá le tairiscint againn anseo a fheiceáil agus a dhéanamh’.

 

Tá eolaire gnó an bhróisiúr á urrú arís ag an AIB. Dúirt an bainisteoir brainse i mBéal Átha Seanaidh, Mark Crawford: ‘tá lúcháir orainn an deis seo a bheith againn teacht ar bord arís chun tacú le gnólachtaí áitiúla i mBun Dobhráin. Tá mé sásta go bhfuil an caidreamh eadrainn ag dul ó neart go neart gach bliain agus go bhfuil muid ag leanúint lenár dtacaíocht do na gnólachtaí sa bhaile.’

 

Gabhadh buíochas fosta le lucht urraithe agus lucht fógraíochta an bhróisiúir, chomh maith leofa siúd uilig a sholáthraigh grianghrafanna le cur i bhfoilseachán na bliana seo.

  

Tá an bróisiúr ar fáil anois ar line ag www.discoverbundoran.com/downloads agus beidh sé ar fáil in ionaid éagsúla ar fud an réigiúin sna laethanta amach romhainn.