Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Deireadh Fómhair

03-10-2023 - Gradam Athnuachana faoi stiúir oidhreachta do Bhéal Átha Seanaidh

Celebrating the Ballyshannon Historic Towns Initiative winning the Urban Regeneration & Heritage Award at the Irish Planning Institute’s Irish Planning Awards at Clontarf Castle

 

Bhuaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus a comhpháirtithe an Gradam le haghaidh Athnuachan agus Oidhreacht Uirbeach do Thionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ag Gradaim Phleanála na hÉireann de chuid Institiúid Pleanála na hÉireann ag Caisleán Chluain Tarbh tráthnóna Déardaoin seo caite, 28 Meán Fómhair.  Tugann Gradaim Phleanála na hÉireann aitheantas don nuálaíocht agus don tsármhaitheas i bpleanáil na hÉireann.

 

"Tá lúcháir orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt dár gcuid oibre ar an dóigh seo" a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhnaithe le Comhairle Contae Dhún na nGall.  "Mar phleanálaí gairmiúil, tá sé thar a bheith taitneamhach domsa ár gcuid oibre a bheith aitheanta ag piaraí.  Bhain naoi bhfoirgneamh stairiúla déag ar an Mheal, an Diamant agus ar an Phríomhshráid Uachtarach i mBéal Átha Seanaidh tairbhe as Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh in 2021 agus 2022.  I measc na n-oibreacha caomhnaithe a rinneadh bhí deisiúcháin dín agus simléir, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúir, earraí uisce báistí déanta as iarann teilgthe a shuiteáil, fuinneoga agus doirse saise adhmaid a athnuachan, aghaidheanna siopaí stairiúla a dheisiú agus a athnuachan agus na ráillí d’iarann teilgthe agus d’iarann buailte a dheisiú.  Bhain na deisiúcháin uilig úsáid as ábhair thraidisiúnta, d’úsáid siad scileanna traidisiúnta tógála agus bhí siad bunaithe ar an dea-chleachtas caomhnaithe is fearr agus ar an fhianaise stairiúil.  Bhí an t-ádh orainn a bheith ag obair ar an tionscnamh iontach seo lenár gcomhpháirtithe iontacha pobail, le Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh agus le húinéirí maoine áitiúla."

 

"Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas tugtha ag na gradaim seo dár gcur chuige oidhreachtbhunaithe maidir le Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh" a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  "Cuireann an tionscnamh seo béim ar an fhíoras go gcaithfimid a bheith níos uaillmhianaí, caighdeáin i bhfad níos airde a leagan síos agus a bheith níos comhoibríche inár gcur chuige maidir le caomhnú na hoidhreachta tógtha inár mbailte agus sráidbhailte.  Ní cur chuige inbhuanaithe ná freagrach é foirgnimh stairiúla a scriosadh agus a athsholáthar, agus goideann sé uainn an carachtar agus na tréithe ar leith atá ag ár mbailte agus sráidbhailte.  Tá ár dtimpeallacht thógtha stairiúil ina timpeallacht mharthanach, inoiriúnaithe, tharraingteach agus oiriúnach dá feidhm.  Cuireann caomhnú ár bhfoirgnimh stairiúla agus ár sráid-dreacha deiseanna ar fáil fosta do chonraitheoirí uas-sciliú a dhéanamh, scileanna traidisiúnta a fhorbairt, fostaíocht a chur ar fáil agus áiteanna fostaíochta a chruthú.  Is é an rud atá léirithe ag Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ná nach gá, agus nár cheart go gcaillfí carachtar stairiúil, creatlach oidhreachta tógtha agus fiú ár bhfoirgnimh stairiúla féin, nár cheart go gcaillfí sin mar phraghas a chaithfimid a íoc as dul chun cinn sochaíoch.  Aithníonn úinéirí réadmhaoine i mBéal Átha Seanaidh, ár gcomhpháirtithe sa tionscnamh seo, gur féidir aghaidh a thabhairt ar a n-uaillmhianta dá bhfoirgnimh agus dá mbaile trí chur chuige atá bunaithe ar an oidhreacht a chuireann rannpháirtíocht an phobail agus caomhnú na hoidhreachta tógtha ina chroílár.  Tá ár gcur chuige maidir leis dóigh a gcaithimid lenár bhfoirgnimh stairiúla agus lenár sráid-dreacha fréamhaithe sa chleachtas caomhnaithe is fearr, úsáideann sé scileanna traidisiúnta tógála, tugann sé cosaint do chreatlach stairiúil agus aeistéitiúil ár dtimpeallachta tógtha, agus tá sé freagrach i dtéarmaí cúinsí eacnamaíocha agus aeráide."

 

Comhpháirtíocht a bhí i dTionscnamh Bhailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh, Ailtireacht Dedalus, úinéirí maoine áitiúla, an Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.  Laistigh de Chomhairle Contae Dhún na nGall, rinne Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ionadaíocht ar chomhpháirtíocht tras-stiúrthóireachta idir an Stiúrthóireacht Tithíochta, Corparáide agus Cultúir agus Stiúrthóireacht na Seirbhísí Forbartha Pobail agus Pleanála i gComhairle Contae Dhún na nGall agus rinne an tOifigeach Oidhreachta agus an tOifigeach Caomhantais comhbhainistiú air.

 

Ag labhairt di ag na gradaim, dúirt Mary Mac Mahon, Uachtarán Chumann Pleanála na hÉireann "Is léiriú iad Gradaim Phleanála na hÉireann d'Institiúid Pleanála na hÉireann ar an ról fíorluachmhar atá ag an phleanáil inár sochaí.  Déanann siad ceiliúradh ar ár dtionscadail éagsúla, dhinimiciúla agus inbhuanaithe, rud a léiríonn tionchar dearfach na pleanála ar ár bpobail.  Mar Uachtarán, ba mhór an phribhléid dom próifíl na pleanála a ardú agus ómós a thabhairt do na héachtaí, don éagsúlacht agus don acmhainneacht laistigh dár n-earnáil. Agus iontrálacha curtha isteach a chuimsíonn an t-oileán ar fad, léiríonn ár mbuaiteoirí ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall barr feabhais agus sárchleachtas. Gabhaim buíochas le gach iarratasóir, tréaslaím leis na buaiteoirí, agus tugaim aitheantas agus buíochas dár n-urraitheoirí as na gradaim seo a dhéanamh."

 

Cuireann an gradam is déanaí leis an rath a bhí ar Thionscnamh Bhailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh roimhe seo sa Ghradam Pobail & Oidhreachta ag Gradaim KPMG – Gradaim Shármhaitheasa Thionscal Maoine Neamhspleácha na hÉireann in 2022 agus moladh é sa chatagóir Caomhnú, Oiriúnú & Athúsáid ag gradaim náisiúnta Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann i Meitheamh 2023.