Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

04-01-23 Iarratais ar mhaoinithe á lorg faoin Chiste Tacaíochta Pobail

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC) ag lorg iarratais ar mhaoiniú, le haghaidh costais reatha agus/nó caiteachas caipitil, ó choistí pobail i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste, faoin Chiste Tacaíochta Pobail.

 

Sheol an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail an Ciste Tacaíochta Pobail agus ciste náisiúnta de €10 milliún ar fáil ann. Tabharfaidh an ciste seo tacaíocht do ghrúpaí pobail agus deonacha, i gceantracha faoi mhíbhuntáise, ar na dóigheanna seo a leanas:-

 

Deontas Beag (€500-€1,000) fá choinne costais reatha neamhpháighe amhail billí fóntais, táillí bruscair, táillí teasa nó costais reatha neamhpháighe eile le haghaidh e.g. costais chíosa/léasa, billí árachais le linn na tréimhse 1 Aibreán 2022 – 23 Márta 2023.

  

Deontas Mór (€5,000-€10,000) chun deisiúcháin riachtanacha agus feabhsúcháin a dhéanamh ar a gcuid áiseanna nó chun trealamh a cheannach.

 

Tá sciar den mhaoiniú atá ar fáil curtha i leataobh fá choinne Botháin na mBan, agus tá foirm iarratais ar leith ar fáil fána choinne sin.

 

Agus í ag seoladh na Scéime, dúirt an tAire Heather Humphries:-

‘Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, tuigim go rímhaith an obair iontach atá ar siúl ag oibrithe deonacha i measc pobail éagsúla ar fud na tíre, bíodh sin sa Choiste Halla Paróiste, sa Chumann Forbartha nó sa Ghrúpa Seanóirí.

 

‘Oibríonn na coistí seo go crua lena chinntiú go dtig leo na soilse a choinneáil lasta agus seirbhísí agus imeachtaí sultmhara den chéad scoth a reáchtáil fá choinne daoine óga agus daoine níos sine.’

  

D’fháiltigh an Clr. Niamh Kennedy, Cathaoirleach ar LCDC Dhún na nGall, roimh an Chiste agus mhol sí do gach Coiste Pobail agus Deonach sa chontae iarratas a dhéanamh, agus dúirt sí:-

 

‘Tá LCDC Dhún na nGall iontach buíoch as an tsárobair a dhéanann Coistí Pobail agus Deonacha, ó achan earnáil, ar son a gcuid pobal. Tuigimid go mórmhór na deacrachtaí a bhíonn ag grúpaí coinneáil suas lena gcuid costais reatha de bharr méaduithe, agus fáiltímid roimh an Scéim seo, a chuideoidh le grúpaí íoc as costais laethúla nó a gcuid áiseanna a fheabhsú le go mbeidh siad in ann leanúint orthu ag feidhmiú agus ag fás.’

 

 

Dáta Druidte:-

 

Is é an dáta druidte chun iarratais a bheith istigh ar an Scéim ná 3.30pm Déardaoin 9 Márta 2023.

 

Tá tuilleadh sonraí agus foirm iarratais ar fáil ag:

https://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/communitysupportfund/

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO