Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

06-01-23 Ciste úr Tuíodóireachta ar fáil

Thatching Straboy Photo 1

Ag déanamh tuíodóireacht téide ar an Srath Buí, Gleann Cholm Cille. Tá Iarthar agus Tuaisceart Dhún na nGall ar an bheagán ceantracha in Éirinn ina mbíonn an tuíodóireacht téide á cleachtadh go fóill.

 

Tá ciste €500,000 curtha i leataobh faoin Scéim Infheistíochta d’Oidhreacht Thógtha chun deisiúcháin chaomhnaithe a dhéanamh ar fhoirgnimh stairiúla a bhfuil ceann tuí orthu, le go mbeidh cúnamh airgeadais ar fáil d’úinéirí mar seo, ag cuidiú leo costais eile a íoc. Tá sciar den mhaoiniú imfhálaithe seo curtha i leataobh do gach Údarás Áitiúil, bunaithe ar líon na bhfoirgneamh stairiúil ceann tuí atá laistigh dá theorainneacha. Tá Contae Dhún na nGall roghnaithe don tsuim is mó maoinithe de bharr líon na bhfoirgneamh stairiúla ceann tuí atá ar marthain sa chontae. Tá an Deontas Tuíodóireachta úr ag glacadh le hiarratais anois faoin Scéim Infheistíochta d’Oidhreacht Thógtha go dtí 4pm Dé hAoine 27 Eanáir. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a dhéanamh an scéim a riar, agus is ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a thagann an maoiniú.

 

Tá gach foirgneamh stairiúil ceann tuí i gContae Dhún na nGall incháilithe faoin ghné imfhálaithe seo den scéim, agus ní gá go mbeadh sé liostaithe ar Thaifead na nDéanmhas Cosanta. Beidh scéim deontais na bliana seo ag soláthar tacaíochta le haghaidh thart fá sé cinn de thionscadail mhóra atuíodóireachta, suas go dtí €15,000. Is féidir an maoiniú a úsáid le haghaidh suas le 80% de chostais iomlána chaipitil na n-oibreacha.  

 

Tá an scéim deontais seo sa bhreis ar dheontais eile atá ar fáil le foirgnimh cheann tuí a chothabháil, a dheisiú agus a chaomhnú. Tá Deontas Athnuachana/Deisithe Díonta Ceann Tuí de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ar fáil chun díonta ceann tuí, i dtithe a bhfuil a n-úinéirí ina gcónaí iontu, a dheisiú nó a athnuachan. (www.gov.ie/en/service/32e72-thatching-grant/)

 

Ar an dara dul síos, is féidir go mbeadh tacaíocht ar fáil d’úinéirí foirgnimh cheann tuí ó Chiste na Struchtúr Stairiúil 2023, ciste atá dírithe ar struchtúir nó foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú. Tá an scéim seo ar oscailt fosta go dtí 4pm Dé hAoine 27 Eanáir, agus tá sonraí ar fáil ó (www.donegalcoco.ie/services/planning/architectural%20conservation/architecturalconservationgrants2023/)

 

Ar an tríú dul síos, cuidíonn an Scéim Deontais Deisithe Tuí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, scéim a bhfuil gradaim buaite aici, cuidíonn sí le húinéirí agus sealbhóirí tithe ceann tuí agus gnólachtaí ceann tuí ó thaobh costais chothabhála agus chóirithe de. Beidh an scéim seo ar fáil dá cúigiú bliain sa chéad ráithe de 2023, agus cuireadh sí comhairle ar úinéirí maidir le díonta ceann tuí a chaomhnú, bronnann sí maoiniú fá choinne miondeisiúcháin tuí ar a n-áirítear deisiúcháin ar na sceimhil, na cíora mullaigh, fleascadh thart ar an simléar, poill, eitrí, feistithe, téada, eangach shreinge, an bhinn, agus adhmaid dín nó siúinéireacht. Is tionscnamh tras-stiúrthóireachta í an Scéim Deontais Deisithe Tuí, idir Oifig Oidhreachta Chotnae Dhún na nGall, An Stiúrthóireacht Tithíochta, Chorparáideach agus Chultúir, agus An Oifig Chaomhantais, An Stiúrthóireacht Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála, agus tá sí á maoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

 

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair i gcomhpháirt leis an Chomhairle Oidhreachta agus le páirtithe leasmhara eile chun an ghéarchéim náisiúnta tuíodóireachta a réiteach. Tá an straitéis úr le haghaidh oidhreacht thógtha dhúchasach, straitéis de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, á cur i bhfeidhm faoi láthair, chomh maith le bearta amhail suirbhé náisiúnta a dhéanamh ar réadmhaoine ceann tuí, ag plé le hearnáil an árachais agus leis an Roinn Airgeadais, agus ag méadú na roghanna maoinithe d’úinéirí ar réadmhaoine ceann tuí.

 

Molann Collette Beattie, An tOifigeach Caomhantais le Comhairle Contae Dhún na nGall, an obair seo ag an leibhéal náisiúnta. “Tá sé go hiontach go bhfuil an tuíodóireacht ag fáil tacaíocht náisiúnta agus tá an maoiniú breise seo ina fhoinse thábhachtach eile chun cuidiú le húinéirí ar réadmhaoine ceann tuí a gcuid díonta a chothabháil. Le deich mbliana anuas, chonaic muid na teachíní ceann tuí seo, a bhí le feiceáil go flúirseach, ag imeacht ón tírdhreach ar luas lasrach, agus go raibh baol ann go mbeadh an teachín ceann tuí imithe ar fad sna chéad deich mbliana eile amach romhainn. Ní bheadh aon teacht aniar uaidh sin don Chontae, mar go gcuidíonn na foirgnimh seo le scéal bunús na dteaghlach i nDún na nGall a inse, agus cuireann siad saibhreas inár dtírdhreach cultúrtha. Is ionann caomhnú ár gcuid foirgneamh traidisiúnta agus forbairt iomchuí, inbhuanaithe agus fhreagrach.” Is gá cead a fháil roimh ré ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chun aon díon stairiúil ceann tuí a athrú, mar is ionann é agus athrú suntasach ar an struchtúr faoi Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall.  

 

Thatched Cottage Ballindrait Photo 2

Ar an teach ceann tuí scolbáilte seo i mBaile an Droichid, a bhfuil iontráil dhíreach isteach ann, léiríonn an dá fhuinneog bheag ar bhinn an tí ar an dá thaobh an tí go raibh leath-lochta ann. Tugann na ‘báirsí’ ardaithe ar an bhinn cosaint don tuí ón ghaoth. Tá maoiniú úr ar fáil faoin Scéim Infheistíochta d’Oidhreacht Thógtha chun struchtúr ceann tuí a chaomhnú.

 

 

Tá Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, ina bhall de Choiste Stiúrtha Náisiúnta na Tuíodóireachta agus d’fháiltigh sé roimh an mhaoiniú imfhálaithe seo le haghaidh struchtúir cheann tuí i nDún na nGall. ‘Ní ceist í seo a bhaineann le Dún an nGall amháin, is fadhb uile-Éireann í agus tá géarchéim na tuíodóireachta sna cinnlínte náisiúnta le bliain anuas. Tá costas na tuíodóireachta, agus cothabháil leanúnach, ar na dúshláin is mó atá ag úinéirí agus tá an tacaíocht airgid seo de dhíth go géar orthu. Ta go leor dúshlán eile ann chomh maith ar gá dul i ngleic leo chomh maith le cúrsaí maoinithe. Tá a fhios againn nach bhfuil ach líon an-bheag tuíodóirí ardoilte againn, lánaimseartha nó páirtaimseartha, mar sin de tá géarghá le printísigh agus printíseachtaí.  Tá a fhios againn go bhfuil an t-éileamh fá choinne ábhair thuíodóireachta d’ardchaighdeán níos mó ná an soláthar ach go bhfuil deiseanna ann d’fheirmeoirí éagsúlú a dhéanamh agus na barra seo a fhás ar bhonn tráchtála. Tá a fhios againn go bhféadfadh an t-árachas a bhaineann le foirgnimh cheann tuí a bheith níos réasúnta agus níos iomaíche, ach caithfidh an tionscal árachais tuiscint níos fearr a léiriú, agus a bheith níos eolaí, faoi na rioscaí a bhaineann le tuí traidisiúnta. Tá a fhios againn go bhfuil deiseanna fostaíochta bainte le tuí traidisiúnta a chaomhnú, ach nach bhfuil siad seo aitheanta. Caithfidh muid na páirtithe leasmhara uilig, amhail an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Chomhairle Oidhreachta, Údarás na Gaeltachta, tuíodóirí, áisíneachtaí traenála, ranna acadúla, eagraíochtaí feirmeoireachta, iarsmalanna allamuigh agus an tionscal árachais a spreagadh chun leanúint de bheith ag comhoibriú lena chéile ar bhonn práinne leis an chaillteanas seo a stopadh agus a thiontú thart.’   

 

Tá foirmeacha iarrtais i dtaca leis an Scéim Infheistíochta d’Oidhreacht Thógtha ar fáil ar líne ó shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag: www.donegalcoco.ie/services/planning/architectural%20conservation/architecturalconservationgrants2023/

 

Nó trí dul i dtreagmháil le Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais ar (074) 915 3900 nó trí ríomhphost ar [email protected]

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

 

Collette Beattie
Oifigeach Caomhantais,

Comhairle Contae Dhún na nGall,

Teach an Chontae,

Leifear,

Contae Dhún na nGall.

 

Guthán:  (074) 917 2464

Rphost: [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO