Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall agus Cláirseacha na Finne FC i ndiaidh dul i gcomhpháirt lena chéile arís leis an tsábháilteacht bóthair a chur chun cinn trí Chomórtas Ealaíne Bunscoile i dtaca le Sábháilteacht Bóthair a reáchtáil. Tá an Comórtas Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí óga i mbunscoileanna i nDún na nGall píosa ealaíne a chruthú a chuideoidh le daoine fanacht slán sábháilte ar na bóithre.
Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘Bóithre Sábháilte do Gach Duine – tá tábhacht agus luach le beatha gach duine ar na bealtaí móra’. An saothar a bhainfidh an chéad áit, beidh sé ar taispeáint ag Páirc na Finne le linn shéasúr 2023 agus ag Ollmhargaí Kernan ar an Bhaile Nua agus i nDroim Caoin. Beidh duaiseanna aonaracha ann fosta chomh maith le duais speisialta don scoil as a dtiocfaidh an buaiteoir. Rinne Dave Rogers, Bainisteoir Chláirseacha na Finne FC, Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, Comhairle Contae Dhún na nGall, Kevin McHugh, Acadamh Chláirseacha na Finne agus Anita Keeve, Príomhoide, SN Naomh Adhamhnán, an comórtas a sheoladh i Scoil Náisiúnta Naomh Adhamhnán, Ráth Bhoth.
Dúirt Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Tá lúcháir ar Mheitheal Sábháilteachta Bóthair faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá ar siúl ag Cumann Sacair Chláirseacha na Finne feasacht a ardú agus aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí atá ar na bóithre. Tá páistí ar na húsáideoirí bóthair is leochailí dá bhfuil ann, agus tá freagracht orainn uilig a chinntiú go bhfoghlaimeoidh siad nósánna sábháilteachta bóthair ag aois an-óg. Cuideoidh an Comórtas Ealaíne Bunscoile ar Shábháilteacht Bóthair chun feasacht a ardú agus iompar a athrú agus tionchar a imirt ar gach úsáideoir bóthair maidir le sábháilteacht bóthair. Tá ról agus páirt le déanamh ag achan duine a úsáideann na bóithre le hiad a choinneáil slán sábháilte’.
Dúirt Dave Rogers, Bainisteoir, Cumann Sacair Chláirseacha na Finne: ‘Tá lúcháir orainn a bheith bainte leis an fheachtas seo i dtaca le feasacht sábháilteachta bóthair. Tá a fhios go maith ag achan duine againn i gCumann Sacair Chláirseacha na Finne go bhfuil freagracht orainn uilig, mar atá ar dhaoine eile, chun leanúint ar aghaidh ag cur chun cinn na sábháilteachta bóthair. Is mian linn aitheantas a thabhairt don chuidiú agus don chúnamh a thugann Múinteoirí a oibríonn go dicheallach lena chinntiú go bhfuil páistí de gach aois eolach go maith ar na contúirtí atá ar na bóithre’.
Dúirt Kevin McHugh, Acadamh Chláirseacha na Finne: ‘Is deis é an comórtas seo, atá ag gabháil leis an teachtaireacht ‘Bóithre Sábháilte do Gach Duine’, do dhaoine óga píosa ealaíne a dhearadh chun an tsábháilteacht bóithre a chur chun cinn, agus a chur in iúl cé chomh tábhachtach agus atá sé aire agus cúram a thabhairt do gach úsáideoir bóthair. Spreagtar páistí lena samhlaíocht chruthaitheach agus a scileanna ealaíne a úsáid chun cuidiú leofa féin agus le daoine eile níos mó a fhoghlaim faoin tsábháilteacht bóthair.
Is é an dáta druidte don chomórtas ná Dé Céadaoin 15 Feabhra 2023 agus ba chóir iarratais a chur chuig:
Comórtas Ealaíne Bunscoile ar an tSábháilteacht Bóthair
(Road Safety Primary School Art Competition),
An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair,
Comhairle Contae Dhún na nGall,
Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn,
Bóthar Neil T Bléine,
Leitir Ceanainn,
Contae Dhún na nGall.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil roimh ré le gach scoil a bheas páirteach, agus tá muid ag súil go mór leis na hiarratais uilig a fháil.