Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

03-01-23 Maoiniú ar fáil fá choinne séadchomharthaí seandálaíochta i nDún na nGall

Heritage Funding Photo 1

Fuair Coiste Staire agus Oidhreachta na gCealla Beaga maoiniú faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail in 2022 le leanúint le hEaglais Naomh Caitríona sna Cealla Beaga a neartú agus a chaomhnú, séadchomhartha seandálaíochta atá faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarratas chuig an Chiste Séadchomharthaí Pobail go dtí 4pm Dé Máirt 31 Eanáir le haghaidh séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú. Tá maoiniú suas le €100,000 ar fáil fá choinne deisiúchán riachtanach agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú (Sruth 1), suas le €30,000 chun Pleananna Bainistithe Caomhantais a fhorbairt nó tuairiscí ar cuspóir leo bearta a aithint le séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus rochtain an phobail a fheabhsú (Sruth 2), agus suas le €30,000 chun rochtain agus léirmhíniúchán ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú ar a n-áirítear rochtain ar líne nó rochtain fhíorúil (Sruth 3). Is tionscnamh é an Ciste Séadchomharthaí Pobail de chuid na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla.

 

“Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú 100% ar fáil le go dtig le húinéirí príobháideacha, caomhnóirí, coistí pobail nó údaráis áitiúla séadchomharthaí seandálaíochta agus suíomhanna stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair”, a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. ‘Gach ceann de na séadchomharthaí seandálaíochta atá maoinithe faoin scéim seo, tá siad faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá an chuid is mó den 3,400 suíomh seandálaíochta, a bhfuil eolas orthu i gContae Dhún na nGall, faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi chaomhnóireacht phríobháideach, agus ar an ábhar sin cuireann an scéim seo deis iontach ar fáil d’úinéirí talún, do choistí pobail nó d’údaráis áitiúla tabhairt faoi oibreacha caomhnaithe ar shéadchomharthaí, rochtain níos fearr isteach chucu a spreagadh, an chuma atá orthu a fheabhsú nó seasmhacht a thógáil i séadchomharthaí le go mbeidh siad in ann maireachtáil fríd éifeachtaí an athraithe aeráide.Tá suim mhór léirithe sa Chiste Séadchomharthaí Pobail ó tugadh isteach é sa bhliain 2020 agus is fianaise é seo ar cé chomh láidir agus atá earnáil na hoidhreachta i gContae Dhún na nGall agus an tábhacht ár n-oidhreachta seandálaíochta don tsochaí, don turasóireacht agus do na geilleagair áitiúla.’ 

 

In 2022, bronnadh maoiniú ar Choiste Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall chun oibreacha cóirithe a dhéanamh ar dhaingean an Dúin; ar Chumann Pobail Chionn Mhálanna le haghaidh oibreacha caomhnaithe ar Sheaneaglais Thobar Mhálanna i mbaile fearainn Bhaile Uí Ghormáin, Inis Eoghain, agus ar Choiste Staire agus Oidhreachta na gCealla Beaga chun leanúint le caomhnú a dhéanamh ar Eaglais Naomh Caitríona, na Cealla Beaga. Tá reilig stairiúil Naomh Caitríona ar cheann de 50 reilig stairiúil atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bronnadh maoiniú fosta ar Phobal Ráth Bhoth i mbun Gnímh fá choinne tuairisc chaomhnaithe ar Phálás an Easpaig, Ráth Bhoth; ar Ghrúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh chun tuarascáil chaomhnaithe a choimisiúnú ar Mhainistir Eas Aodha Ruaidh; ar Phobal Dhún Cionnaola Teo fá choinne plean caomhnaithe do Chaisleán Mhic Suibhne; agus ar Ghrúpa Caomhnaithe Chaisleán Northburgh le haghaidh ráiteas modha mionsonraithe agus doiciméadú tairisceana chuig Caisleán Northburgh, An Caisleán Nua. Bronnadh maoiniú chomh maith ar Chomhpháirtíocht Forbartha Pobail Fhathna chun turas idirghníomhach fíorúil a fhorbairt do Reilig Naomh Muire i bhFathain agus chun leanúint ag déanamh monatóireachta ar sheasmhacht Chros Naomh Muire.

 

Photo 3 Malin 

Faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail in 2022, choimisiúnaigh Cumann Pobail Chionn Mhálanna oibreacha neartaithe agus caomhnaithe ar Sheaneaglais Thobar Mhálanna, séadchomhartha seandálaíochta atá faoi úinéireacht phríobháideach i mbaile fearainn Bhaile Uí Ghormáin, Inis Eoghain.

 

Na hiarratasóirí sin a n-éireoidh leo, beidh go dtí lár mhí Dheireadh Fómhair acu leis an obair a chur i gcrích agus tabharfaidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Músaem Contae comhairle agus tacaíocht do na hiarratasóirí agus iad i mbun na tionscadail seo a chur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn. Dúirt an tAire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánaíochta, Malcolm Noonan T.D.,: ‘De bharr comhpháirtíocht chomhoibritheach den chéad scoth idir údaráis áitiúla agus an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí, bhí leibhéal an-ard rannpháirtíochta pobail, deiseanna scileanna traidisiúnta, agus cosaintí don oidhreacht s’againn le linn 2022. Tá áthas orainn go bhfuil muid in ann cur leis an tacaíocht seo in 2023 chun tacú le breis agus 120 tionscadal. Is ionann na deontais a chuirtear ar fáil d’údaráis áitiúla, d’úinéirí príobhádeacha agus do phobail áitiúla chun séadchomharthaí áitiúla agus suíomhanna stairiúla atá faoi úinéireacht phríobháideach a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn, is ionann sin agus aitheantas don ról tábhachtach atá ag an oidhreacht s’againne agus ag na daoine sin a thugann cúram di gan stad gan staonadh. Caithfidh muid gach rud a thig linn a dhéanamh chun tacú lenár n-oidhreacht leochaileach seandálaíochta a chosaint, í a cheiliúradh agus rochtain a bheith ag gach duine uirthi. Agus é seo á dhéanamh againn, tá muid ag cur i bhfeidhm go soiléir na gealltanais sin atá tugtha againn sa phlean úr náisiúnta don oidhreacht, Oidhreacht Éireann 2030. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na pobail áitiúla ar fad agus leis na húdaráis áitiúla as a spéis leanúnach i gcosaint na séadchomharthaí seandálaíochta ar fud na tíre. Cuideoidh an infheistíocht seo lena chinntiú go leanfaidh an oidhreacht seandálaíochta léi ag cur saibhris i saol achan duine againn.’ 

 

Tá tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ar  www.donegalcoco.ie/heritage.  Más mian leat a fháil amach cad iad na séadchomharthaí seandálaíochta atá ar fáil i do cheantar féin, thig leat dul chuig suíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Séadchomharthaí ar www.archaeology.ie. Is gá cead a fháil roimh ré ón tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí fá choinne aon oibreacha ar shéadchomhartha seandálaíochta nó cóngarach dó. Más úinéir nó caomhnóir séadchomhartha seandálaíochta nó suíomh stairiúil thú, nó má tá tú páirteach i ngrúpa pobail ar mhaith leo a n-oidhreacht seandálaíochta áitiúil a chaomhnú, tá comhairle ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall trí ríomhphost ag [email protected] nó ar (074) 917 2576. Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le: 

Joseph Gallagher


An tOifigeach Oidhreachta,

Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall,

Comhairle Contae Dhún na nGall,

Oileán an Stáisiúin,

Leifear,Contae Dhún na nGall

Guthán:  (074) 917 2576
Rphost:  [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO