Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

03-01-23 Níl na bóithre sábháilte do gach duine go fóill!

Léiríonn figiúirí sealadacha a eisíodh gur maraíodh 155 duine de bharr timpistí bóthair in 2022, a bhfuil 8 mbás i nDún na nGall ina measc. Tá cuid mhór daoine eile ag maireachtáil le drochghortuithe a d’athraigh a saol ó bhonn, chomh maith le teaghlaigh, gaolta agus cairde faoi bhrón an bháis, bás gan ghá. Léiríonn na figiúirí gurb é 41 líon na gcoisithe a maraíodh in 2022, i gcomparáid le 21 in 2021. Is ábhar mór imní iad líon ard na gcoisithe a maraíodh. Tá coisithe ar na húsáideoirí bóthair is leochailí. In ainneoin go leor feachtais a dhéanamh, leanann tiománaithe orthu ag cur beatha daoine eile i mbaol trí bheith ag tiomáint ar luas róghasta agus faoi thionchar an óil nó drugaí. Dá dtabharfaí cuairt ar aon láthair timpiste, ar Roinn Timpistí agus Éigeandála nó ar Chúirt an Chróinéara, d’fheicfí an scrios, na básanna uafásacha agus na teaghlaigh briste ag an bhrón, i ndiaidh bás agus gortú ar na bóithre.

 

 

Dúirt Brian Ó Domhnaill, An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair, “Tá freagracht orainn uilig líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú. Cuid mhór timpistí ar na bóithre, tarlaíonn siad de bharr tiománaithe a bheith ag tiomáint gan chúram nó ag déanamh neamhaird ar an dlí. Tá orainn uilig na bóithre a chomhroinnt agus thig linn uilig difear a dhéanamh leis an líon básanna agus drochghortuithe a laghdú. Tá sprioc ‘fís nialais’ (zero vision) leagtha amach ag an Straitéis Náisiúnta Sábháilteachta Bóthair faoin bhliain 2050. Do gach tiománaí agus úsáideoir bóthair, tá freagracht phearsanta ag baint le básanna bóthair agus gortuithe bóthair. Níor chóir, agus ní féidir, an fhreagracht sin a sheachaint, agus is gá glacadh leis an fhreagracht sin isteach sa bhliain 2023 agus níos faide ná sin. An bhfeicfidh muid laghdú suntasach ar thimpistí bóthair sa bhliain úr seo, mar sin? Ba mhaith linn sin a shílstean. Tá freagracht ar gach duine againn na bóithre a dhéanamh níos sábháilte go gach úsáideoir bóthair’.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO