Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Feabhra 2023

14-02-23 Conarthaí sínithe le haghaidh Tionscadal Mór Athnuachana i Leitir Ceanainn

 

 

Letterkenny Reg Project 1

Chun tosaigh ó chlé:

Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040.

James Griffiths, Stiúrthóir le hAiltirí Vincent Hannon

Ar chúl ó chlé: Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040,

An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall

John G. Mc Laughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall

 (Nóta: CGA = Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe nó sa Bhéarla Designated Activity Company)

 

Tá conarthaí sínithe anois le dearadh agus forbairt a dhéanamh ar Shuíomh Athnuachana Uirbeach Straitéiseach Leitir Ceanainn 2040, a mbeidh Ionad Nuálaíochta úr Alpha agus Ionad Gnó Beta mar pháirt de.

 

Tá CGA Dhún na nGall 2040, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, i ndiaidh conradh a shíniú le Ailtirí Vincent Hannon leis an tionsadal mór athnuachana seo a fhorbairt i Leitir Ceanainn, rud a tchífidh forbairt ó bhonn ar na tailte thart ar lár an bhaile i gcroílár Leitir Ceanainn idir Bóthar an Phiarsaigh agus Bóthar an Phoirt.

 

Tá trí ghné ar leith ag baint leis an fhorbairt, ar a n-áirítear:

 

Ionad Nuálaíochta Alpha – ionad nuálaíochta digití ina mbeidh 7 n-urlár (achar urláir thart fá 17,500 troigh chearnach), agus ar cuspóir soiléir leis éiceachóras láidir nuálaíochta agus fiontraíochta a thógáil lena chur ar chumas gnólachtaí, idir ghnólachtaí úra agus cinn atá ann cheana féin, scálú, idirnáisiúnú agus freagairt go héifeachtach do dheiseanna úra margaíochta agus do dhúshláin úra. Cuirfidh an t-ionad ar fáil tacaíochtaí timfhillteacha do ghnólachtaí, ar a n-áireofar réamhluasaire saincheaptha d’fhiontraithe agus do bhunaitheoirí a bhfuil luathsmaointiú acu.   

Nóta: Réamhluasaire Saincheaptha = 'bespoke pre-accelerator'

 

Ionad Gnó Beta – foirgneamh gnó agus fiontraíochta ina bhfuil 8 n-urlár (achar urláir thart fá 43,000 troigh chearnach) a sholáthraíonn áiseanna spás oibre den chéad scoth le haghaidh réimse de ghnólachtaí eolasbhunaithe sa réigiún. Meallfaidh sé tionóntaí ar nós fiontraithe atá ag iarraidh a gcuid gnólachtaí a scálú agus a chur chun cinn, chomh maith le comhlachtaí ilnáisiúnta atá ar lorg an dara suíomh in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta nó an dara suíomh le leas a bhaint as na deiseanna a éiríonn as an obair chianda réigiúnach.

 

An Réimse Poiblí – bonneagar ardchaighdeánach do choisithe agus do rothaithe a chur isteach chun inrochtaineacht fríd an suíomh a éascú le ceangal láidir a dhéanamh idir an Phríomhshráid, Bóthar an Phiarsaigh agus Bóthar an Phoirt.

Tá an tionscadal á mhaoiniú faoi réimse clár, a bhfuil ina measc an Ciste le haghaidh Athnuachan agus Forbairt Uirbeach (CAFU), Ciste Forbartha Fiontraíochta na Teorann (CFFT) atá á riar ag Fiontar Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

 

Chun tosaigh ó chlé:

Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

James Griffiths, Stiúrthóir le Ailtirí Vincent Hannon

Ar chúl ó chlé:

Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

Méabh Conaghan, Stiúrthóir Réigiúnach do Réigiún an Iarthair, Fiontar Éireann

An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall

John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall 

 

Dúirt An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Déanfaidh an tionscadal seo, sa bhaile mór is mó sa chontae, difear mór d’iomaíochas Leitir Ceanainn, ag spreagadh infheistíochta agus cruthú fostaíochta, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar an chuid eile den chontae chomh maith”.

 

Dúirt John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag obair i gcomhpháirt leis an CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040, a bheith bainte leis an treoirthionscadal athnuachana seo sa lár baile i Leitir Ceanainn. Beidh ról tábhachtach ag an fhorbairt seo chun infheistíocht agus fostaíocht a mhealladh agus a spreagadh i lár baile Leitir Ceanainn mar Ionad Fáis Réigiúnach san Iarthuaisceart’.

 

Dúirt Meabh Conaghan, Stiúrthóir Réigiúnach do Réigiún an Iarthuaiscirt le Fiontar Éireann: “Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoi Chiste Forbartha Fiontraíochta na Teorann arna riar ag Fiontar Éireann, tá Ionad Nuálaíochta Alpha ina thionscadal tábhachtach arb aidhm leis an comhoibriú agus an nuálaíocht a chothú san eiceachóras fiontraíochta, agus gníomhú fiontraíochta a thiomáint ar fud Réigiún an Iarthuaiscirt.’ 

 

Chun tosaigh ó chlé:

An Clr Ciarán Brogan, Comhairleoir le Comhairle Contae Dhún na nGall

Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

James Griffiths, Stiúrthóir le Ailtirí Vincent Hannon

John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall

Ar chúl ó chlé:

Johnny Nelis, Ailtire Feidhmiúcháin le Comhairle Contae Dhún na nGall

Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Stiúrthóir CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

Colin Mc Nulty, Bainisteoir Ginearálta, CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

Meabh Conaghan, Stiúrthóir Réigiúnach don Iarthuaisceart, Fiontar Éireann

An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall

Joe Carty, Pleanálaí Sinsearach agus Bainisteoir Tionscadail, Ailtirí Vincent Hannon

Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall

Shane Sweeney, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach Gníomhach le Comhairle Contae Dhún na nGall

Kevin Sexton, Ceannasaí Nuálaíochta, Nuálaíocht Alpha, CGA le haghaidh Forbairt Straitéiseach do Dhún na nGall 2040

Sinéad McCauley, Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach Gníomhach le Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO