Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Nollaig 2023

18-12-23 Foilsíonn Comhairle Contae Dhún na nGall Tuairisc ar an Bhearna Pháighe idir na hInscní 2023

D’fhoilsigh Comhairle Contae Dhún na nGall, an lá inniu, a Tuairisc ar Bhearna Pháighe idir na hInscní, ag taispeáint na difríochta, mar chéatadán, idir an méid a fhaigheann fir agus mná, ar an mheán, san eagraíocht, beag beann ar róil ná ar leibhéil.

 

Taispeánann tuairisc 2023 Bearna Pháighe Inscne de -3.63%. Ní chiallaíonn an figiúr seo go n-íoctar níos lú le fir ná le mná as an obair chéanna a dhéanamh, ach tugann sé le fios, ar an mheán, go bhfuil róil le páigh níos airde ag mná ná mar atá ag fir.

 

Is gá d’fhostóirí in Éirinn a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu eolas faoin Bhearna Pháighe idir na hInscní a fhoilsiú roimh dheireadh 2023 agus laistigh de 6 mhí i ndiaidh an dáta tagartha s’acu. Roghnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus gach údarás áitiúil eile sa tír an 30 Meitheamh mar an dáta tagartha daofa féin.

 

Agus é ag caint ar fhoilsiú na tuairisce, dúirt Cahal Moss, Bainisteoir Acmhainní Daonna: ‘Cuidíonn foilsiú an eolais faoin bhearna pháighe linn an bhéim a choinneáil ar a bheith ag tacú le láthair oibre atá oscailte agus ilchuimsitheach i gComhairle Contae Dhún na nGall. Is áit í an eagraíocht s’againn ina bhfuil na deiseanna céanna ag gach fostaí ó thaobh aitheantais agus forbairt ghairme de, agus ina gcaithtear leofa ar bhonn cothrom. Leanann muid lenár dtiomantas chun dul i ngleic le bacanna sa láthair oibre ó thaobh comhionannais de, agus chun pobal oscailte agus ilchuimsitheach a chruthú sa láthair oibre. Tá go leor tograí comhionannais, éagsúlachta agus ilchuimsitheacha i bhfeidhm cheana féin, agus leanfaidh muid orainn ag obair sa réimse seo.’

 

Féach Tuairisc na Comhairle ar an Bhearna Pháighe idir na hInscní anseo

 

Tugann fostaíocht sa rialtas áitiúil deis do dhaoine ról tábhachtach a bheith acu i bhforbairt a gcontae agus i bhforbairt a bpobail. Mar fhostóir, tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun timpeallacht dhearfach agus thacúil a sholáthar dár gcuid oibrithe. Tá ar fáil ón Chomhairle socruithe solúbtha agus socruithe tuisceanacha do theaghlaigh, obair chumaiscthe, agus deiseanna iontacha oideachais agus dul chun cinn gairme.

 

 

Tá an t-údarás áitiúil ag moladh d’aon duine atá ag cuartú poist féachaint ar ár suíomh gréasáin www.donegalcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil amach faoin obair a dhéanann muid.

 

Críoch