Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Buaiteoir Comórtas Ealaíne Sábháilteachta

Léiríonn iontráil Chaitlín sa chomórtas ealaíne an géarghá atá ann do thiománaithe ‘a luas a laghdú’.

Eimear Toland Uasal, Múinteoir Ranga, Scoil Treasa Naofa, Málainn agus

Caitlín McLaughlin, buaiteoir.

 

Léiríonn iontráil Chaitlín sa chomórtas ealaíne an géarghá atá ann do thiománaithe ‘a luas a laghdú’.

 

D’fhógair an Grúpa Oibre Sábháilteachta ar Bhóithre agus Club Peile Finn Harps na buaiteoirí ina gcomórtas ealaíne ‘Sábháilteacht ar na Bóithre’ a reáchtáil siad sna bunscoileanna ar na mallaibh.  

 

Bhí an pictiúr a bhain seolta isteach ag -Caitlín McLaughlin, Scoil Treasa Naofa, Málainn.

 

Beidh an iontráil bhuaite le feiceáil in ard a réime in ollmhargaidh Kiernan’s sa Bhaile Nua, i Ráth Mealtain agus i nDroim Caoin agus tabharfar áit ar leith di i Málainn, baile dúchais Chaitlín.

 

Thug Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, ardmholadh do na scoileanna ar fad as a ghlac páirt gníomhach sa tionscnamh fíorthábhachtach seo - Sábháilteacht ar na Bóithre. 

 

Is mar seo a labhair sé ‘Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis na scoileanna ar fad a thug faoin chomórtas iontach seo go fonnmhar.

 

Bhí caighdeán na n-iontrálacha a fuair muid an-ard ach bhí rud faoi leith faoi phictiúr Chaitlín.

 

Tá na mionsonraí sa phictiúr ar fheabhas agus cuireann siad cúis mhór imní ar ár mbóithre os ár gcomhair.  Tá an teachtaireach soiléir agus suntasach:  go gcaithfidh gach tiománaí a luas a laghdú agus gan an teorainn luais a shárú. 

 

Is mian liom comhghairdeas a ghabháil leis na buaiteoirí eile fosta, agus ag an am seo go háirithe, impím ar na tuismitheoirí agus caomhnóirí ar fad tógáil ar an obair atá á déanamh inár scoileanna chun nósanna sábháilteachta agus freagrachta stuama a úsáid ar ár mbóithre i gcónaí’.

 

Duaiseanna buaiteoirí sa dara háit:

 

Ella Doherty, Scoil Eoghain, Bun an Phobail. William Magee, Robertson NS, Srath an Urláir.

Rosie Corkery, Little Angels Special School,  Leitir Ceanainn.

Darcey Nash, Scoil Mhuire, Baile na nGallóglach.

Zach Ferry, Scoil Cholmcille, Dromainn, Ráth Mealtáin.

 

Deireadh

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO