Thug Deike Potzel, Ambasadóir na Gearmáine go hÉirinn, cuairt ar Leitir Ceanainn Dé Luain le ceiliúradh a dhéanamh ar shíniú an chomhaontaithe oifigiúil cúplála idir Leitir Ceanainn agus an baile Gearmánach Rudolstadt.
Ag cur fáilte go Leitir Ceanainn roimh Deike Potzel, Ambasadóir na Gearmáine go hÉirinn,
Dé Luain seo chuaigh thart le haghaidh Síniú Oifigiúil
An Chomhaontaithe Chúplála idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt
Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn. Sa ghrianghraf leis an
Ambasadóir ó chlé, tá: An Clr. Ian Mac Gairbheith, Méara CB Leitir Ceanainn
Jorg Reichl, Méarsa Rudolstadt, Karol Kerrane,
An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall
.
Agus í ag caint ag an ócáid dhírigh An tAmbasadóir Potzel ar an tionchar a bhíonn ag socruithe cúplála ar chuid mhór bailte agus cathracha sa Ghearmáin, agus an dóigh a raibh tionchar dearfach ag na caidrimh speisialta seo chan amháin ar an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda ach ar shocruithe comhthairbhiúla a fhorbairt fosta i dtaca le malartaithe oideachais, an fhorbairt chultúrtha, an tráchtáil agus an turasóireacht.
Mhol an tAmbasadóir Potzel don dá bhaile na féidearthachtaí a chíoradh i dtaca le malartuithe oideachasúla idir pháistí agus daoine óga, agus dúirt sí gur chreid sí go bhféadfadh an cineál seo malartuithe aigne na rannpháirtithe a leathnú, spás a chruthú chun cairde úr a dhéanamh agus smaointe agus eolas a chomhroinnt a rachadh chun sochair achan duine a bheadh páirteach.
Mary Daly, Comhairle Contae Dhún na nGall, Karol Kerrane, An Clr.
Ian McGarvey, Méara CB Leitir Ceanainn agus Jorg Reichl,
Méara Rudolstadt ag an síniú oifigiúil le haghaidh
Comhaontú Cúplála idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt
In Ionad Seirbhíse Poiblí maidin Dé Luain
Tharla síniú oifigiúil an Chomhaontaithe Cúplála Bailte idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt maidin Dé Luain (1 DF) in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn, áit a raibh toscaireacht 40 duine ó Bhaile Rudolstadt i láthair i Leitir Ceanainn don ócáid speisialta. Ba iad an Clr. Séamus Ó Domhnaill, mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus Jorg Reichl, Méara Rudolstadt, a shínigh an comhaontú.
Bhain an toscaireacht Leitir Ceanainn amach tráthnóna Dé hAoine ar 6pm mar a raibh fáilte oifigiúil rompu in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn le Banna Sinsearach Boscaí Ceoil Leitir Ceanainn, agus bhí searmanas ardú bratach ina dhiaidh. Chaith na cuairteoirí an Satharn agus an Domhnach ag cur aithne ar Dhún na nGall agus bhí Taispeántas Grianghrafadóireachta de chuid Rudolstadt ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn, chomh maith le hoíche cheiliúrtha ceoil agus scéalta.
Cuid den toscaireacht 40 duine ó Rudolstadt
A thug cuairt ar Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtainte ag síniú oifigiúil
An Chomhaontaithe Cúplála idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt
In Ionad Seirbhíse Poiblí maidin Dé Luain
Ghabh an Cathaoirleach Séamus Ó Domhnaill buíochas leis an toscaireacht mhór ó Rudolstadt as teacht go Leitir Ceanainn agus dúirt sé gur fianaise é sin ar chomh tiomanta agus atá siad don Chomhaontú Cúplála le Leitir Ceanainn. Chuir sé fáilte fosta roimh an Ambasadóir Potzel go Leitir Ceanainn agus ar seisean: “Tá lúcháir orainn a bheith in ann fáilte a chur roimh an Ambasadóir Potzel go Leitir Ceanainn. Trí theacht go Leitir Ceanainn le bheith linn don ócáid thábhachtach seo, tá léirithe ag an Ambasadóir go bhfuil sí féin dáiríre faoin socrú seo agus tá muid iontach buíoch as a gcuid foclaí tacúla agus spreagúla.”
Ag taispeáint an Chomhaontaithe Oifigiúil Cúplála idir Leitir Ceanainn
Agus Rudolstadt in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn maidin
Dé Luain ta an Clr. Seamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall
Agus Jorg Reichl, Méara Rudolstadt
Chuir an An Clr. Ian Mac Gairbheith fáilte fosta roimh an Ambasadóir agus roimh an toscaireacht agus mhol sé an obair a rinne a chomhghleacaí an Clr. Jimmy Kavanagh a bhí ar thús cadhnaíochta leis an socrú cúplála seo a thabhairt chun críche. Ghabh sé buíochas fosta Karol Kerrane, de bhunadh Leitir Ceanainn agus ina chónaí faoi láthair i Rudulstadt, as a ról tábhachtach leis an socrú cúplála seo a thabhairt chun tosaigh.
An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhun na nGall,
Agus Jorg Reichl, Méara Rudolstadt, ag síniú an Chomhaontaithe Cúplála
Idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt, In Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn
Maidin Dé Luain
.
Labhair Jorg Reichl, Méara Rudolstadt, fosta leis an slua a bhí i láthair agus dhírigh ar an tábhacht a bhí le cumarsáidí láidre agus caidrimh láidre a chothú laistigh den Eoraip. Thagair sé do na dúshláin atá ann faoi láthair de bharr an Bhreatimeachta agus mhol sé go mbeadh saoránaigh uilig na hEorpa rannpháirteach go gníomhach san obair le Eoraip atá láidir forásach a thógáil.
Ag taispeáint an Chomhaontaithe Oifigiúil Cúplála idir Leitir Ceanainn
Agus Rudolstadt in Ionad Seirbhíse Poiblí maidin Dé Luain
tá an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall,
Agus Jorg Reichl, Méara Rudolstadt
Labhair Máire Áine Gardiner ó Fáilte Éireann agus an Clr. Jimmy Kavanagh ag an ócáid fosta.
Bhí ceol ann le John Muldowney, Cian O’Donnell agus Trudy O’Donnell.
Ceoltóirí John Muldowney agus Trudi O’Donnell i mbun ceoil
Don lucht freastail ag ócáid síniú oifigiúil an Chomhaontaithe Cúplála
Idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn
Maidin Dé Luain.