Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Iasachtaí Tithíochta

Iasachtaí Tithíochta

 

Iasacht le Teach a Cheannach / a Thógáil

D'fhéadfaí an iasacht seo a chur ar fáil do dhaoine atá ag ceannach tí don chéad uair ach nach dtig leo go leor airgid a fháil ó Bhanc nó ó Chumann Foirgníochta lena dteach a cheannach ná a thógáil.

 

Iasacht Cheannaigh Tí le haghaidh Tionóntaí

D'fhéadfadh tionónta de chuid na Comhairle, a ghlac le tairiscint ón Chomhairle leis an teach a dhíol ach nach féidir go leor airgid a fháil ó Bhanc nó ó Chumann Foirgníochta, d'fhéadfadh sé nó sí a bheith i dteideal na hiasachta seo.

 

Iasacht Atógála

Tá an iasacht seo ann chun oibreacha atógála, deisiúcháin nó feabhsúcháin atá riachtanach a dhéanamh le teach a dhéanamh sásúil chun cónaí ann.

 

Iasacht Rogha Tí

Cuireann roinnt údarás áitiúil ainmnithe an iasacht seo ar fáil, i bhfoirm morgáiste, dóibh siúd atá ag ceannach tí don chéad uair ach nach dtig go leor airgid a fháil ó Bhanc nó ó Chumann Foirgníochta.

 

Scéim Liúntais Mhorgáiste

Tá an Scéim Liúntais Mhorgáiste ann chun cuidiú le tionóntaí, agus tionóntaí a bhfuil teach de chuid na Comhairle nó de chuid roinnt comhlachtaí tithíochta deonacha ceannaithe acu, ar mian leo an teach a thabhairt ar ais agus teach príobháideach a cheannach nó a thógáil tríd a gcuid aisíocaíochtaí morgáiste a laghdú ar feadh an chéad chúig bliana den mhorgáiste.