Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Cosaint Shibhialta

Cosaint Shibhialta

Cad is Cosaint Shibhialta ann?

 

Is é atá i gCosaint Shibhialta ná eagraíocht dheonach a thacaíonn le seirbhísí éigeandála túslíne agus iad ag dul i ngleic le fíor-dhrochaimsir, tuilte, timpistí móra, comhrac dóiteáin agus cuardaigh le haghaidh daoine atá ar iarraidh. Bímid ag cuidiú leis an phobal fosta i rith imeachtaí pobail neamh-éigeandála. 

Is é an ráiteas misin atá ag Cosaint Shibhialta ná "chun tacú leis na seirbhísí éigeandála agus chun tacaíocht a sholáthar don phobal trí Chosaint Shibhialta a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chothabháil mar eagraíocht éifeachtach dheonadh".

I láthair na huaire, cuireann Cosaint Shibhialta Dhún na nGall tacaíocht phobail ar fáil le haghaidh breis agus 50 imeacht pobail gach bliana, chomh maith le bheith ag feidhmiú mar sheirbhís iloilte dara líne do na príomhsheirbhísí éigeandála, mar atá An tSeirbhís Dóiteáin, An tÚdarás Áitiúil, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Gardaí Cósta na hÉireann.

 

Tacaíocht Éigeandála don Phobal

Faoi láthair, tá Cosaint Shibhialta Dhún na nGall réamhghníomhach i réimse na tacaíochta éigeandála don phobal, agus bítear ag cuidiú leis an phobal áitiúil sna réimsí seo a leanas: 

 

  • Garchabhair
  • Cuardach agus Tarrtháil i gCeantair Uirbeacha agus in Uisce
  • Comhrac Dóiteáin Cúnta
  • Teicnící Cadhcála / Bádóireachta
  • Cumarsáidí Raidió (Tá córas líonra neamhspleách VHF agus UHF dá gcuid féin ag Cosaint Shibhialta)
  • Soláthar Leasa
  • Coinníollacha le linn Síobadh Sneachta
  • Tinte Aitinn
  • Tuilte

 

Le roinnt blianta anuas, tá Cosaint Shibhialta Dhún na nGall ag tacú leis na Gardaí, FSS, an tSeirbhís Dóiteáin agus pobail áitiúla in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála le linn fíor-dhrochaimsir.

 

I measc na mórphíosaí trealaimh atá ar fáil le haghaidh traenála agus freagairt an phobail, tá:

 

  • Mionbhusanna 16 suíochán
  • Bádaí inséidte x 2
  • Roth-Thiomáintí x 3
  • Cadhcanna x 14
  • Otharcharr x 3
  • Leantóir le haghaidh Cadhc x 2
  • Feithicil Chuardaigh agus Tarrthála, ina bhfuil Sínteán agus Castainn
  • Inneall Dóiteáin x 1
  • Feithicil Rialaithe i láthair Eachtraí x 1
  • Gineadóir x 1

 

chun beith i d'Oibrí Deonach

 

Is é an bua is fearr atá ag an Chosaint Shibhialta ná gur ar bhonn deonach a thugann na baill a gcuid ama, saineolais agus taithí.  Tá 6,500 ball deonach ar fud na tíre, agus tá 94 acu seo ina mbaill dheonacha de Chosaint Shibhialta Dhún na nGall.

 

Le bheith i d'oibrí deonach le Cosaint Shibhialta Dhún na nGall, déan teagmáil, le do thoil, leis an Oifigeach um Chosaint Shibhialta.

 

Traenáil

Cuirtear traenáil ar fáil go seachtainiúil in ionaid éagsúla ar fud an chontae. Cuirtear traenáil ar fáil i dtaca le Garchabhair, An Chéad Fhreagróir ar Eachtra Chairdiach, Garchabhair Ghairme agus Leibhéil Freagróirí ar Éigeandálacha. Is faoi Chlár na Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Otharlainne a chuirtear ár gcuid traenáil gharchabhrach uilig ar fáil. Cuirimid traenáil sheachtainiúil ar fáil fosta i gCuardach agus Tarrthail Uirbeach, i dTarrtháil Líne agus i gComhrac Dóiteáin Cúnta.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar chúrsaí traenála i do cheantarsa, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifigeach um Chosaint Shibhialta.

 

Imeachtaí Poiblí agus Pobail

Cuireann oibrithe deonacha Chosaint Shibhialta Dhún na nGall clúdach Garchabhrach agus Bainistiú Tráchta ar fáil ag mór-imeachtaí poiblí, chomh maith le bheith ag tacú leis an phobal agus le seirbhísí reachtúla nuair is gá sin. 

 

Leis an tacaíocht seo a lorg le haghaidh imeachtaí de do chuid, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifigeach um Chosaint Shibhialta.