Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An bhfuil do cheantar i mbaol tuilte?

An bhfuil do cheantar i mbaol tuilte?

 

Tá Dréacht-Léarscáileanna Tuilte déanta ag RPS le haghaidh roinnt ceantracha i nDún na nGall. Tá RPS i mbun Staidéar CFRAM an Iarthuaiscirt - Neagh Bann d'Oifig na nOibreacha Poiblí, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. 

 

Beidh Dhá Chomhairliúchán Poiblí ar siúl Déardaoin 5 Feabhra 2015, a mbeidh na léarscáileanna ar taispeáint acu, chun deis a thabhairt d'achan duine ar suim leo an scéal seo amharc ar na léarscáileanna agus tuairimí a thabhairt.

 

Léarscáileanna ar taispeáint le haghaidh:

Dáta agus am:

Ionad:

Carn Domhnach

Málainn

Bun an Phobail

Cluain Maine

Déardaoin 5 Feabhra 2015

3pm go dtí   7pm       

Ionad Seirbhísí Pobail Charn Domhnach

Bóthar Mhálanna

Carn Domhnach

Bun Cranncha, agus Luddan san áireamh

Ceann an Droichid

Bun na hAbhann

Déardaoin 5 Feabhra 2015

3pm go dtí   7pm   

Óstán Gateway Inis Eoghain

Bóthar an Iarnróid

Bun Cranncha

 

 

Beidh baill den fhoireann atá i mbun Staidéar CFRAM an Iarthuaiscirt - Neagh Bann ar fáil le labhairt le daoine a bheas ar fáil ar an lá, agus leis na léarscáileanna a mhíniú, agus le heolas a bhailiú i dtaca le tuilte áitiúla.  Beidh na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ar taispeáint ar an dáta thuasluaite, agus beidh siad ar fáil fosta ar shuíomh idirlín an Staidéir www.northwestcframstudy.ie ón dáta sin.  Duine ar bith ar spéis leis nó léi an scéal seo is féidir leo tuairimí a thabhairt faoi na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ag na cruinnithe poiblí comhairliúcháin agus/nó trí shuíomh idirlín an staidéir.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO