An raibh fonn ort riamh do chuid maisiúchán Nollag féin a dhéanamh?
Dé Sathairn seo chugainn, 5 Nollaig, tá Iarsmalann Chontae Dhún na nGall ag reáchtáil dhá cheardlann Nollag saor in aisce ar mhaisiúcháin Chrann Nollag i gcomhar le Teagascóirí Ceardaíochta de chuid Bhantracht na Tuaithe.
Tosófar na Ceardlanna ar 1.30pm agus 3pm agus tá siad SAOR IN AISCE, ach is deichniúr daoine fásta ar a mhó a thig a bheith ar aon cheardlann (is féidir le páiste amháin os cionn 10 mbliana d'aois a bheith in éineacht le duine fásta) agus is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Glacfar le háirithintí de réir mar a thagann siad isteach.
Fá choinne áirithint a dhéanamh, déan teagmháil le hIarsmalann Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn
G (074) 9124613 Rphost: [email protected]