Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar a seacht ndícheall leanúint ar aghaidh lena seirbhísí poiblí ar dhóigh eagraithe agus muid ag obair fríd na dúshláin a bhaineann le COVID-19. Tá cuid mhór freagrachtaí ag an Chomhairle, mar fhostóir suntasach, dá cuid oibrithe agus dá cuid custaiméirí agus don phobal ar a bhfuil sí ag freastal. Sa chomhthéacs seo, tá oifigigh chuí ag bualadh le chéile go minic lena chinntiú go bhfuil an Chomhairle ullamh don dúshlán atá romhainn. Lena chois sin, buaileann Foireann Bhainistíochta Ghéarchéime COVID-19 le chéile gach lá le plé a dhéanamh ar an chomhairle is fearr ó na saineolaithe leighis, ó chomhlachtaí náisiúnta agus ón rialtas. Agus é ag caint leis an tír aréir, leag an Taoiseach béim ar na dúshláin atá romhainn, na céimeanna a chaithfidh muid uilig a ghlacadh, agus na hiarrachtaí atá de dhíth ó na seirbhísí poiblí sa tréimhse amach romhainn. Mar sheirbhís phoiblí, tá dualgas orainn aire a thabhairt don tsochaí agus don phobal ag an am seo, agus déanfaidh muid seo le stuaim agus le cúram.
Mar a fógraíodh daoibh an tseachtain seo caite, tá a cuid leabharlann ar fud an chontae, chomh maiith leis an Iarsmalann agus na Seirbhísí Cultúrtha Réigiúnacha i Leitir Ceanainn, druidte ag an Chomhairle don phobal. Lena chois sin, tá clóis súgartha na Comhairle ar fud an chontae druidte, agus tuigeann muid go rímhaith an tionchar a bhíonn aige sin san am i láthair ar theaghlaigh a bhfuil páistí óga acu. Mar sin féin, druideadh iad ar mhaithe leis na páistí agus na tuismitheoirí, a d’fhéadfaí iad a úsáid, a chosaint. Tá muid go fóill ag glacadh leis an chomhairle is fearr ó na saineolaithe leighis agus ó na heagrais náisiúnta i dtaca leis sin.
Ag an am seo, tá áiseanna uilig na Comhairle, seachas iad siúd atá luaite thuas, ar oscailt don phobal le linn gnáthuaireanta oibre.
Tá roinnt prótacál i bhfeidhm do bhaill foirne agus do chustaiméirí mar seo a leanas:
Custaiméirí eile nach bhfuil aon chomhartha sóirt orthu, tabharfar treoracha dóibh faoin dóigh le seasamh i líne agus a bheith scartha ó dhaoine eile de réir mar a bhogann siad i dtreo an chuntair phoiblí. Is féidir go síneoidh na scuainí go dtí an taobh amuigh de na foirgnimh, agus ba chóir do chustaiméirí a bheith ullamh chun seasamh i scuaine taobh amuigh i ndrochaimsir agus a bheith gléasta fána choinne.
Is féidir go ndéanfar na socruithe seo a mhaolú, nó a ghéarú, faoi ghearrfhógra agus beidh na baill foirne ag an doras isteach chuig ár gcuid oifigí ag leanúint na rialacha is déanaí. Leanfaidh an Chomhairle ag monatóireacht, ag athbhreithniú agus ag athrú a cuid socruithe le seirbhís a sholáthar don phobal de réir mar a thagann níos mó eolais chun cinn.
Iarrann an Chomhairle ar an phobal i gcoitinne, agus gabhaimid buíochas leo, as a gcomhoibriú leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rochtain a fháil ar ár gcuid seirbhísí ag an am iontach dúshlánach seo. Tá súil agam go gcuideoidh sé lenár mbaill foirne agus lenár gcustaiméirí araon, agus mar phobal le chéile tabharfaidh muid aire dá chéile chun cuidiú lena chéile teacht fríd an phaindéim seo chomh maith agus is féidir linn.