Is féidir le baill den phobal dul chuig cruinniú de chuid Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall Dé Máirt 25 Meán Fómhair in Óstán an Abbey i mBaile Dhún na nGall.
Creideann an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach ar an Chomhchoiste Póilíneachta gur deis atá ann go bhaill an phobail a bheith i dteagmháil le baill den choiste agus ceisteanna a chur maidir le sábháilteacht an phobail.
“Is féidir leis an phobal aighneachtaí agus tuairimí a thabhairt isteach roimh an chruinniú agus ceisteanna a chur maidir le coiriúlacht agus sábháilteacht ina gceantracha féin’ a dúirt an Clr. McMonagle.
Tagann na hionadaithe ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall ó An Garda Síochána, Comhairle Contae Dhún na nGall, Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Dhún na nGall, ionadaithe áitiúla den Oireachtas, agus is é atá sa Chomhchoiste fóram le tuilleadh comhordaithe agus tuilleadh comhoibrithe a éascú i nDún na nGall maidir le ceisteanna sábháilteacht pobail.
Tá Plean Póilíneachta Dhún na nGall 2019 á ullmhú chomh maith agus tá aighneachtaí agus tuairimí á lorg faoi na ceannteidil seo a leanas:
“Tá an cruinniú seo iontach tráthúil sa mhéid is go nglacfar ceisteanna a chuirfear ag an chruinniú phoiblí seo san áireamh i bPlean Póilíneachta Dhún na nGall 2019 agus beidh deis ag baill den choiste, ar a n-áirítear An Gard Síochána, comhairleoirí contae Dhún na nGall, agus ionadaithe Pobail agus Deonacha a chluinstin ar an láthair faoi na príomhcheisteanna atá ag cur as do na pobail agus faoin dóigh a dtig linn comhoibriú lena chéile chun buairimh an phobail a mhaolú agus dul i ngleic leis na ceisteanna’ arsa an Clr. McMonagle.
Is féidir aighneachtaí, tuairimí agus ceisteanna a chur isteach roimh ré lena bplé ag an chruinniú phoiblí trí ríomhphost a chur chuig [email protected] nó trí phost chuig: Kathleen Browne, Rannóg Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, Oileán an Stáisiúin, Leifear, Co. Dhún na nGall F93 X7PK faoi 5pm Dé Máirt, 18 Meán Fómhair 2018.