Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Duais mhór buaite ag Fánaid i Mórtas Ceantair

Duais mhór buaite ag Fánaid sna Gradaim Mórtas Ceantair

‌ Mórtas Ceantair Fánaid

Gaeltacht Beo Fhánada, Fánaid, Co Dhún na nGall (ar chúl), Christina O’Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall, Marty Walsh, MC, George Jones,Cathaoirleach IPB, An Dr Christopher Moran, Cathaoirleach ar Chomhoibriú Éireann agus Tom Dowling, Cathaoirleach ar Mhórtas Ceantair  (chun tosaigh) Máire Ní Fhearraigh, Comhairle Contae Dhún na nGall, Caitlín Uí Chochláin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Aoife Nic Giolla Bháin, Siobhán Nic Giolla Bháin, Eimer Ní Fhríl, Treasa Ní Cholla ag an 12ú ceann de na Gradaim Mórtas Ceantair i gcomhar le Comhoibriú Éireann ag Óstán Treacy’s West County, Inis. Grianghraf le hEamon Ward

 

Ba é Fánaid a sciob leo an phríomhdhuais sna Gradam Mórtais Ceantair IPB de chuid Chomhoibriú Éireann a fógraíodh oíche Dé Sathairn (15 Samhain) in Óstán Treacy’s West County, Inis i gContae an Chláir. Bhain siad an phríomhdhuais sa chatagóir Oileáin agus Pobail Chósta. Bhain Gaoth Dobhair an dara háit i gceann de na mórdhuaiseanna chomh maith i gcatagóir 4, atá dírithe ar phobail ina bhfuil idir 1500 agus 4000 duine.

Seo mar a labhair na moltóirí ina gcuid tuairiscí, “Ba mhór an pléisiúr dóibh cuairt a thabhairt ar an cheantar seo, agus ar an phobal seo, in iarthuaisceart Dhún na nGall, mar gur tugadh ar thuras pobail 50 bliain iad. Is pobal é Fánaid a mbíonn súil amháin acu i gcónaí ar an am atá le theacht, agus san am céanna ag cur le tarraingteacht agus timpeallacht an cheantair. Bhí na moltóirí tógtha go mór leis an dóigh ar ghlac an t-aos óg sa phobal leis, le fonn agus gan cheist, go raibh freagracht orthusan leanúint leis an obair a rinne na glúnta a chuaigh rompu agus ceannasaíocht a ghlacadh. Tá an t-am atá le teacht slán sábháilte i lámha na n-óg’.

 

Fógraíodh chomh maith go raibh Gaoth Dobhair ainmnithe don Ghradam LivCom. Is iad seo an t-aon Chomórtas Gradaim sa domhan a dhíríonn ar an Dea-Chleachtas Idirnáisiúnta is Fearr i dtaca le bainistiú na timpeallachta áitiúla agus fógrófar na buaiteoirí in 2015.

Mórtas Ceantair Dobhar

Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall (ar chúl) Ronan Foley, Príomh-Fheidhmeannach IPB, Tony O'Brien, Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae an Chláir, An Dr Christopher Moran, Cathaoirleach ar Chomhoibriú Éireann agus Tom Dowling , Cathaoirleach ar Mhórtas Ceantair (chun tosaigh) Máire Mhic Giolla Eannaigh, Máire Uí Chomhaill, Caitlin Ní Fhearraigh agus Caitlín Uí Chochláin, Comhairle Contae Dhún na nGall ag an 12ú ceann de na Gradaim Mórtas Ceantair IPB, i gcomhar le Comhoibriú Éireann in Óstán Treacey West County, Inis. 

Is iad na cúig choiste as Dún na nGall a ghlac páirt i nGradaim Uile-Éireann um Mórtas Ceantair i mbliana ná Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Áislann Rann na Feirste, Gaeltacht Beo Fhánada, Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh agus Coiste Pobail Ghort a’Choirce. 

Rinne an Príomh-Fheidhmeannach Séamus Mac Conghaola le Gaeltacht Beo Fhánada ar an bhua a bheith acu ina gcatagóir féin agus le hIonad Naomh Pádraig, Dobhar as teacht sa dara háit ina gcatagóir siúd agus as a bheith ainmnithe le haghaidh Ghradam LivCom. Ar seisean “Bhí an Chomhairle ag obair go dlúth le pobail i nDún na nGall le blianta fada agu creidimid go bhfuil an comórtas Mórtas Ceantair ina dhóigh iontach le haitheantas a thabhairt don obair den chéad scoth atá ar siúl ar fud an chontae, agus leis an obair sin a chur ar taispeáint. Tá lúcháir orm go bhfuil aitheantas tugtha don dá choiste seo as na héachtaí atá déanta acu. D’fhéadfadh ceann ar bith de na coistí a bhí sa chomórtas an phríomhdhuais a bhaint agus agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an obair atá déanta acu agus as an tionchar atá imeartha acu ar shaol na ndaoine i measc an phobail”. 

Ag tacú leis an Phríomh-Fheidhmeannach, rinne an Cathaoirleach An Clr. John Campbell comhghairdeas leis na coistí chomh maith agus seo mar a labhair seisean; “aithnímid an tionchar mór a bhíonn ag na pobail agus ag oibrithe deonacha ar chúrsaí an tsaoil i nDún na nGall. Tá éachtaí déanta ag gach ceann de na coistí seo dá bpobail féin. Is eiseamláirí iad den mhéid a thig le daoine a bhaint amach nuair a thagann siad le chéile agus cuspóir aontaithe acu. Tá gach togra fiúntach ar a dhóigh ar leith féin, ag freagairt do riachtanais áirithe éigin ina bpobail féin. Comhghairdeas le Gaeltacht Beo Fhánada agus Ionad Naomh Pádraig, Dobhar ar na duaiseanna atá bainte acu.

D’fhreastail os cionn 800 duine ar shearmanas mór inar fógraíodh na príomhbhuaiteoirí agus iad siúd a tháinig sa dara háit agus sa tríú háit srl, sa 12ú ceann de na Gradaim Mórtas Ceantair IPB i gcomhar le Comhoibriú Éireann. Rinne na hionadaithe ó na coistí pobail, as achan chearn d’Éirinn, ceiliúradh mór ar chluinstin fhógairt  na mbuaiteoirí dóibh, fógairtí a raibh siad ag feitheamh go crua orthu.

I láthair ag na gradaim bhí an Tráchtaire Spóirt ó RTÉ Marty Morrissey, a bhí ina Fhear an Tí ar an oíche, agus ar an ardán ina chuideachta bhí an Comhairleoir Tony O’Brien, Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae an Chláir, Ronan Foley, Príomh-Fheidhmeannach IPB, An Dr. Christopher Moran, Cathaoirleach, Comhoibiriú Éireann agus Tom Dowling, Cathaoirleach, Mórtas Ceantair, Paddy Crowe, Inis Oírr agus George Jones, Cathaoirleach, IPB leis na gradaim a bhronnadh ar na buaiteoirí.

Seo a leanas an méid a dúirt Peter Sheridan, Príomh-Fheidhmeannach le Comhoibriú Éireann “Déanaim comhghairdeas le gach duine, go háirithe leis na buaiteoirí, a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo. Ceiliúrann Mórtas Ceantair na gnéithe sin dá gceantracha a dtaitníonn leis an phobal, na daoine agus na háiteanna atá ag croílár an phobail. Is mór ag Comhoibriú Éireann comórtas seo an Mhórtais Cheantair, spreagann sé forbairt phobail, agus le 12 bhliain anuas bhí sé ina chuid lárnach den obair a bhí á déanamh againn. Mar sin féin, ní bheimis in ann an obair seo a dhéanamh gan an tacaíocht a fhaighimid ónár n-urraithe IPB, an painéal moltóirí, Coiste Mórtas Ceantair, agus gach duine a oibríonn ar a shon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae an Chláir as an searmanas bronnta iontach seo a óstáil, agus as deis a thabhairt dúinn iarrachtaí a chéile a cheiliúradh.”

Seo mar a labhair Ronan Foley, Príomh-Fheidhmeannach le IPB ag an ócáid:

”Tá bród ar Árachas IPB a bheith bainteach leis na Gradaim Mórtas Ceantair Ipb mar phríomh-urraithe agus níos tábhachtaí ná sin, le gach rud a seasann sé dó. Creidim go docht daingean go bhfuil sé riachtanach aitheantas a thabhairt do phobail agus do na mílte oibrí deonach ar fud oileán na hÉireann a thugann a gcuid ama agus díograise gach lá gan cheist. Mar árachóir frithpháirteach a chuireann údaráis áitiúla agus a gcuid pobal faoi árachas ar fud oileán na hÉireann, fóireann na gradaim seo go mór don obair sin. Is léir nuair a bhítear ag obair le chéile agus nuair a bhaintear cuspóirí amach go gcuireann sé seo le bród an phobail sna háiteanna ina bhfuil cónaí orthu, agus cuidíonn sé sin le pobail bhríomhara a thógáil. Tá siad siúd uilig a ainmníodh ina n-eiseamláir ar an spiorad pobail atá le feiceáil ar fud na hÉireann, na daoine siúd atá tiomanta chun tionchar dearfach a dhéanamh ina gcuid pobal.”

I láthair ag an ócáid chomh maith bhí Tom Dowling, Cathaoirleach ar Mhórtas Ceantair, a dúirt an méid seo a leanas:

“I ndiaidh dhá bhliain déag de Mhórtas Ceantair, leanann pobail leo, ar fud oileán na hÉireann, ag léiriú do na moltóirí go bhfuil cumas iontach acu cúram a thabhairt do dhaoine istigh ina gcuid ceantracha, agus meas a léiriú dá n-oidhreacht, dá gcultúr agus dá dtimpeallacht”. Ghabh sé buíochas ar leith chomh maith leis na húdaráis áitiúla ar fud oileán na hÉireann, le Comhoibriú Éireann agus le hÁrachas IPB as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas speisialta pobail seo.”

Is é a dúirt an Comhairleoir Tony O’Brien, Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae an Chláir:

“Tá traidisiún bródúil ag an Chlár sa chomórtas seo agus b’onóir mhór ag an Chomhairle é a bheith in ann fáilte a chur roimh choistí pobail ó fud fad na tíre. Thug na Gradaim Mórtas Ceantair deis dúinn an contae a thaispeáint ar ardán náisiúnta agus an obair thábhachtach a dhéanann na comhpháirtíochtaí pobail a cheiliúradh”.

 

Is é is cuspóir le Mórtas Ceantair IPB, ar cuireadh tús leis ar bhonn trialach i samhradh na bliana 2003 agus a d’eascair as an Fhóram Stiúrtha Uile-Éireann um Údaráis Áitiúla, ná an t-ionchur fíorthábhachtach a dhéanann pobail sa tsochaí a aithint agus a cheiliúradh. Is comórtas ar leith é Comórtas Mórtas Ceantair mar go dtugann sé aitheantas go sonrach do rannpháirtíocht an phobail áitiúil in achan ghné den athnuachan tuaithe agus uirbeach, ina measc an comhtháthú sóisialta, oidhreacht agus tuiscint i leith na timpeallachta.

Tá an Comórtas á reáchtáil ag Comhoibriú Éireann i gcomhar le Coiste Stiúrtha Mórtas Ceantair, agus tá sé á urrú ag IPB.

 

*CRÍOCH*

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Catrina Gallen, Guthán Póca: 0044 (0) 7738 313965

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO