Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Spóirt

Ainmniúcháin do Ghradaim Réalt Spóirt DnaG

Nominations open for Donegal Sports Star Awards

 

An Cathaoirleach Terence Slowey le hiarbhuaiteoir an ghradaim, Liam Doherty, Neil Doherty, Cathaoirleach Choiste Gradam Réalt Spóirt Dhún na nGall, Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus Jim Doherty, iarbhuaiteoir an ghradamh, agus iad ag déanamh fógraíochta ar son phróiseas ainmniúcháin na bliana seo.

 

Inniu a osclóidh ainmniúcháin le haghaidh Ghradam Réalt Spóirt Dhún na nGall agus arís eile is í Comhairle Contae Dhún na nGall an príomhurraitheoir do ghradaim na bliana seo.

 

Tá an Cathaoirleach Terence Slowey ag spreagadh clubanna, grúpaí agus eagraíochtaí spóirt, scoileanna san áireamh, lena n-ainmniúcháin a chur isteach do chomórtas na bliana seo. 

 

Is contae spórtúil é Dún na nGall, tá an spórt i gcroílár ár gcuid pobal. Tá Gradaim Réalt Spóirt na Bliana ar na duaiseanna is gradamúla sa tír agus tá an-áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall bheith mar urraitheoirí fadtéarmacha ag na duaiseanna seo”. 

 

"Tá sé ceart go mbeadh aitheantas ag ár laochra spóirt i ngeall ar an mhéid a thugann siad do shaol an chontae agus tá mé ag spreagadh clubanna agus scoileanna ar fud Dhún na nGall lena n-ainmniúcháin a chur isteach. Is bealach iontach é leis an dea-obair atá ar siúl go háitiúil a chur ar taispeáint chomh maith le buíochas a ghabháil as an mhéid atá bainte amach ag ár lucht spóirt”.

 

Osclóidh an tréimhse ainmniúcháin inniu, Dé Luain an 24ú Deireadh Fómhair le haghaidh an 41ú Ghradaim Réalt Spóirt Dhún na nGall. Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ar líne agus a chur sa ríomhphost chuig [email protected] nó trí foirm shimplí a chomhlánú - is féidir an fhoirm a íoslódáil agus a chur sa phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain.

 

Is leor achoimre ar an mhéid atá bainte amach sa spórt. Is gá pictiúr agus píosa scannánaíochta DVD chomh maith. Le haghaidh tuilleadh sonraí téigh chuig  www.donegalsportsstarawards.ie.

 

Roghnóidh an coiste an té a bhainfeas Dámhachtain na Laoch mar sin ní ghlacfar le hainmniúcháin sa chatagóir seo. Is í an Aoine, an 25ú Samhain an sprioclá le haghaidh iarratas. Beidh an searmanas bronnta gradam ar siúl ar an Aoine, an 27ú Eanáir in Óstán an Mount Errigle, Leitir Ceanainn.   

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO