Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Spóirt Baill Foirne

Baill Foirne na Comhairle ag tacú le Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

 

 

Council staff lend their support to this year’s Donegal Sports Star Awards

Jim Doherty a rinne lámhach crécholúr ar son na hÉireann agus ar bronnadh Príomh-Bhuaiteoir na Bliana air in 2011 ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

 

Tá baill foirne na Comhairle Contae ag tacú le Gradaim Laochra Spóirt i mbliana, a bheas ar siúl seachtain ón Aoine in Óstán an Mt Errigal i Leitir Ceanainn. 

 

Chuidigh Jim Doherty, Kevin McHugh agus Shauna Carlin, iarbhuaiteoirí gradaim laochra spóirt, leis an Chathaoirleach agus leis an Phríomh-Fheidhmeannach ócáid ghradaim na bliana seo a chur chun cinn. 

 

Ghlac Jim Doherty páirt i lámhach crécholúr ar son na hÉireann agus bhuaigh sé an phríomhdhuais i nGradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall in 2011, agus An Gradam Gaisce Idirnáisiúnta in 2012, agus bhí sé ina Bhuaiteoir sa Lámhach Crécholúr in 2011, 2002, 2001, 2000, 1998, 1997, 1996 and 1995.

 

Bronnadh an gradam le haghaidh Lúthchleasaí na Bliana ar Shauna Carline, lúthchleasaí agus traenálaí, in 2000, chomh maith le Cailín Spóirt Meánscoile in 1992, agus tá sé ar ghearrliosta na bliana seo i gcatagóir na dtraenálaithe. 

 

Bronnadh gradam de chuid Laochra Spóirt Dhún na nGall ar Kevin McHugh chomh maith, fear ar éirigh leis an Gradam Sacair a bhaint in 2014.

 

Thug An Cathaoirleach, An Clr Terence Slowey, ardmholadh do gach duine ar fud an chontae agus do na baill foirne sa Chomhairle Contae a rinne éachtaí spóirt. Dúirt sé go raibh achan duine acu ina n-eiseamláir do dhaoine óga agus do gach ball den phobal i nDún na nGall.  

 

Dúirt Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae, go raibh Gradaim Laochra Spóirt ar cheann de na himeachtaí is mó i bhfeilire spóirt an chontae agus go bhfuil lúcháir ar an Chomhairle a bheith mar aon urraí amháin ar na gradaim. Is contae mór spóirt é Dún na nGall, ar seisean, agus tá ról fíorthábhachtach ag an spóirt i saol na ndaoine ar fud an chontae. Ghuigh sé gach rath ar na daoine uilig a ainmníodh do na gradaim i mbliana. 

 

Tá ticéidí don ócáid ar fáil ó Óstán an Mt Errigal, agus beidh sé ar siúl ar an Aoine 27 Eanáir. 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO