Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Os cionn 335,000 cuairt ar leabharlanna

Os cionn 335,000 cuairt ar leabharlanna i nDún na nGall

 Relax and Read with your Child during the Summer Holidays

 Páistí ag ceiliúradh Chlár Léitheoireachta an tSamhraidh ag Leabharlanna Dhún na nGall ní ba luaithe i mbliana

 

 

Tá Leabharlanna na hÉireann chun tosaigh sa nuacht inniu i ndiaidh gur fograíodh go raibh thart fa 17 milliún cuairt ar leabharlanna poiblí in Éirinn anuraidh.  As an 17 milliún cuairt seo, bhain breis agus 335,000 acu le leabharlanna i nDún na nGall. 

 

Léiríonn na figiúirí, a bhailigh an tSeirbhís um Luach Saothair ó Iasachtaí leis an Phobal ar son na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ), léiríonn siad go bhfuil ról tábhachtach ag leabharlanna go fóill inár bpobail áitiúla. 

 

Seo mar a labhair Eileen Burgess, Leabharlannaí Contae le Comhairle Contae Dhún na nGall "Tá lúcháir orainn go bhfuil ár gcuid leabharlann ag leanúint leis an ról tábhachtach sin laistigh den phobal.  Tá gach grúpa déimeagrafach le fáil i measc na ndaoine a úsáideann ar gcuid leabharlann. Bímid ar ár ndícheall riachtanais ár gcuid úsáideoirí a aithint agus an leabharlann a chur in oiriúint dóibhsean. Má thugann tú cuairt ar an leabharlann, gheobhaidh tú daoine ó gach aoisghrúpa agus gach cúlra saoil, agus iad uilig ag baint sult  as gné éigin de na seirbhísí a chuirimid ar fáil. 

 

Cé gurb é Strumpet City an leabhar ficsin is minice a fuair daoine fásta ar iasacht ó na leabharlanna go náisiúnta, i nDún na nGall is é 'The Thing About December' le Donal Ryan an leabhar is mó ráchairt agus ina dhiaidh sin tháinig 'Gone Girl' le Gillian Flynn agus 'The Casual Vacancy' le J.K. Rowling.

 

Dálta an chuid eile den tír, ba é an Leabhar Oifigiúil le haghaidh na Tástála Teoirice Tiomána an leabhar ba mhó ráchairt sa rannóg Neamhfhicsean do Dhaoine Fásta, agus i measc na leabhar ba mhó ráchairt do pháistí bhí 'We're going on a bear hunt' le Michael Rosen agus 'Donegal Folk Tales' le Joe Brennan.

 

Agus 13 leabharlann phoiblí againn, chomh maith le roinnt ionad pobail, tá leabharlanna Dhún na nGall iontach gníomhach, agus tá na leabharlanna ag déanamh réidh faoi láthair fá choinne Chóisirí Culaith Chodlata na Nollag, le ceiliúradh a dhéanamh ar an séasúr.  Lena fháil amach cá háit a mbeidh siad ar fáil tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie lean muid ar Facebook/donegalcountylibrary .

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO