Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seirbhís Farantóireachta

Seirbhís Farantóireachta an Fheabhail

Nasc idir Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Cósta an Chlocháin 

 

Lough Foyle Ferry

 

Tá seirbhís iomlán farantóireachta ar bun arís idir Aird Mhic Giollagáin ar Chósta an Chlocháin agus An Caisleán Nua ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Dé Sathairn 9 Iúil faoi bhainistíocht nua, mar atá Frazer Ferries. Tá cúpla feabhsúchán déanta ag na hoibreoirí nua ar an tseirbhís:

 

 

  • Laghdú 20% ar tháillí 2015; €12/£10 ar thicéad singil do charr agus €16/£13 ar thicéad fillte. Tá liosta praghasanna iniata.
  • Seirbhís tointeála leanúnach, gan stad, anonn is anall.
  • Uaireanta breise le linn mhí Iúil agus Lúnasa. An chéad bhad ón Chaisleán Nua ar 7am Luan-Sath agus 9am Dé Domhnaigh, ag leanúint leis go dtí an bád deireanach ó Aird Mhic Giollagáin ar 9.45pm.

 

Nascann an tseirbhís trasteorann seo dhá thuras bóthair a bhfuil clú agus cáil orthu go hidirnáisiúnta, mar atá Cósta an Chlocháin agus Slí an Atlantaigh Fhiáin ar a bhfuil radharcanna den scoth le fáil, beanna arda, srutháin sléibhe agus Glinnte Aontroma i dtreo Chlochán an Aifir.

 

Turas báid 15 bhomaite atá ann, in áit turas 75 bomaite i gcarr ó ghob go gob, agus baineann sé go mór fosta den am a ghlacann sé tiomáint idir Inis Eoghain agus Béal Feirste/Baile Átha Cliath.  

 

Táthar ag súil go gcuideoidh an tseirbhís leis an turasóireacht agus le gnólachtaí ar an dá thaobh. Beidh 15 dhuine fostaithe go díreach, mar thús, agus tá sé seo á éascú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte, agus cuireann Port an Fheabhail cuidiú teicniúil ar fáil.

 

Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil le Foyle Ferries ar:

 

Teil: +353 (0) 74 938 1901,

 

Rphost: info@loughfoyleferry.com

 

Idirlíon: www.loughfoyleferry.com

 

Lean Loughfoyle Ferry ar Facebook agus Twitter:

 

Praghsanna 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO