Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Staidéar ar Insiúltacht

Daoine áitiúla á lorg le bheith páirteach in Iniúchadh ar Insiúltacht thart ar an Chlochán Liath.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar dhaoine áitiúla páirt a ghlacadh in iniúchadh ar chumas insiúlta timpeall an Chlocháin Leith mar chuid de Thionscnamh Aoisbhá Dhún na nGall,  Beidh an tsiúlóid ar siúl Dé Céadaoin 6 Márta, ó 9:30am go 12:30pm.

 

“Teastaíonn gach sórt duine uainn, idir óg agus aosta, daoine faoi mhíchumas, mná torracha, tuismitheoirí le tachráin agus bugaithe, daoine i gcathaoireacha rothaí agus daoine a bhfuil lagú radhairc orthu chun An Clochán Liath a dhéanamh ina bhaile aoisbháúil”, arsa Mairéad Cranley, Comhordaitheoir um Chuimsiú Sóisialta le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

“Teastaíonn ón Iniúchadh ar Insiúltacht go siúlfadh an grúpa idir ciliméadar agus trí chiliméadar timpeall an bhaile mhóir ar chúrsa roghnaithe, agus iad ag breathnú agus ag déanamh taifid, ó thaobh dhearcadh an tsiúlóra de, ar gach dea-ghné agus drochghné den chúrsa thart ar an Chlochán Liath.  Beidh ceannaire ag gach grúpa a dhéanfaidh taifid ar gach barúil agus tuairim agus ní bheidh le déanamh ag na siúlóirí ach a bheith páirteach ann, siúl leo, agus tuairimí a thabhairt ar a bhfeiceann siad”

 

Beidh an tsiúlóid ag toiseacht agus ag críochnú ag Óstán an Waterfront. (Cois Farraige) agus cuirfear sólaistí ar fáil ina dhiaidh.

 

Má tá suim ag duine a bheith páirteach ann ní mór teagmháil a dhéanamh le Mairéad Cranley nó le Shuan Boyle ar: 074 91 53900 nó ar rphost ag: [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO