Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Suíomh idirlín nua

Fáilte go Suíomh Idirlín nua Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Tá lúcháir orainn fáilte a chur romhat chuig suíomh idirlín nua Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá an suíomh seo deartha sa dóigh is go mbeifí in ann teacht ar ár gcuid seirbhísí agus ar eolas uainn ar dhóigh níos fusa agus níos éifeachtúla, i nGaeilge agus i mBéarla.

 

Tá roinnt gnéithe úra ar an suíomh seo, ina measc, rannóg fá choinne nuachta de chuid na Comhairle, áit a dtig leat coinneáil ar an eolas faoi gach rud atá ag tarlú i gComhairle Contae Dhún na nGall.  Tá áiseanna 'Deán Iarratas' agus 'Íoc as' ann chomh maith, agus tá sé i gceist againn na háiseanna seo a fhorbairt a thuilleadh trí níos mó seirbhísí ar líne a thabhairt isteach sna míonna amach romhainn.

 

Tá áis ann fosta le 'Scéala a Chur' chugainn, áit a dtig leat scéala a chur chugainn faoi ábhair ar nós dumpáil mhídhleathach, poill sa bhóthar, forbairtí neamhúdaraithe nó fadhb le solas poiblí.  Is féidir leat na ceisteanna seo a chur chugainn trí scairt ghutháin a chur orainn, trí ríomhphost nó tríd an chóras úr tuairiscithe seo ar líne a úsáid.

 

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt inár gcuid painéal tomhaltóirí ar fud an chontae agus leo siúd ar chuidigh a n-aiseolas agus a n-ionchur leis an suíomh idirlín seo a dhéanamh níos so-úsáidí.  Beidh muid ar ár ndícheall leis an suíomh seo a fheabhsú ar bhonn leanúnach agus beidh deis ag úsáideoirí an leathanach 'Rátáil an Leathanach seo' a úsáid le haiseolas a chur chugainn, rud a úsáidfear le réimsí ar leith den suíomh a fheabhsú.

 

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine ag GA Consultancy as an chuidiú agus as an tacaíocht a thug siad leis an suíomh a fhorbairt.  B'iontach an rud é a bheith ag obair i gcomhpháirt le gnólacht áitiúil atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh na gairmiúlachta, nuálaíochta agus teicnící nuálacha deartha de.

 

Tá súil againn go mbeidh an suíomh seo faisnéiseach, suimiúil agus úsáideach ...

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO