Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Suirbhé Feasachta Fuinnimh

Moltar don Phobal suirbhé fuinnimh a líonadh

Secure

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal páirt a ghlacadh i suirbhé gairid le heolas a bhailiú faoin leibhéal feasachta atá sa chontae i dtaca le cúrsaí fuinnimh, agus chun eolas a fháil faoi na dóigheanna is éifeachtaí a thig linn tuilleadh eolais a scaipeadh i dtaca le gearradh siar ar chostaisí fuinnimh.

 

Tá sé seo mar chuid de thogra Secure, atá maoinithe ag an AE, agus a rinne an t-ailtire agus gníomhaí timpeallachta Duncan Stewart a sheoladh in Ionad Ghleann Bheatha i mí na Samhna. Tá de chuspóir ag togra Secure úsáid na dteicneolaíochtaí éifeachtacha fuinnimh, agus foinsí inathnuaite fuinnimh, a chur chun cinn agus tá béim ar leith ar fhuinneamh nuálach don teach agus d'fhoirgnimh phoiblí.

 

Tá Paddy Mullen ina Chomhordaitheoir ar Thogra Secure sa Chomhairle Contae agus míníonn sé 'gurb é is cuspóir leis an togra seo éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i measc an phobail agus leis seo a dhéanamh ba mhaith linn eolas a fháil ón phobal faoin dóigh a n-úsáideann siad fuinneamh, aon eolas atá acu faoin dóigh is fearr le costais fuinnimh a laghdú agus cad é an t-eolas atá de dhíth orthu le go mbeidh siad in ann sábháiltí breise fuinnimh a dhéanamh sa bhaile agus ina gcuid gnólachtaí'.

 

Agus lean sé leis "níor chóir go nglacfadh an suirbhé gairid seo níos mó ná cúig bhomaite le líonadh isteach agus cuirfidh sé eolas luachmhar ar fáil dúinn a chuideoidh linn eolas níos fearr agus níos soiléire a chur ar fáil don phobal faoin dóigh is fearr le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus costais fuinnimh a laghdú níos mó arís'.

 

Cliceáil thíos faoi seo leis an suirbhé a chomhlánú. 

Suirbhé Feasachta Fuinnimh don Phobal 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO