Teorainneacha Sealadacha Luais ag oibreacha bóthair le linn shéasúr na Nollag
Seo a leanas liosta de na hoibreacha bóthair a bheas i bhfeidhm go fóill le linn shéasúr na Nollag:
N14 Droim Eochaille
N15 Droichead an tSrutháin Duibh go Cabraigh
N56 Ard an Rátha
N56 An Cúl Buí – Cill Mhic Réanáin
N56 Cill Chainnigh – Leitir Oilí
N56 Tamhnach an tSalainn – Droim Beitheach
Is é a dúirt Brian O Donnell, an tOifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Beidh teorainneacha sealadacha luais i bhfeidhm go fóill ar na tionscadail seo. Ní bheidh na hoibreacha seo curtha i gcrích, beidh dromchlaí sealadacha orthu, agus tá sé tábhachtach go gcloífidh tiománaithe go docht leis na teorainneacha sealadacha luais atá i bhfeidhm, ar mhaithe le sábháilteacht gach úsáideoir bóthair.
Aon tiománaí nach gcloíonn leis na teorainneacha luais atá i bhfeidhm ag oibreacha bóthair, tá siad ag cur a mbeatha féin, agus beatha daoine eile, i mbaol.
Ní bheidh aon rómhoill ort má thiomáineann tú go mall fríd oibreacha bóthair, ach is féidir leis an am beag breise seo baol timpiste a laghdú go mór”.
Tá an dlí ar chúl na dteorainneacha sealadacha luais agus beidh na Gardaí ag déanamh monatóireacht ar luas an tráchta sna háiteanna seo, agus má bhriseann aon tiománaí an teorainn luais is féidir go bhfaighidh siad pointí pionóis.
Ní maith linn an mhíchaoithiúlacht atá i gceist leis seo ach tá gá leis na teorainneacha luais seo ar mhaithe le sábháilteacht an uile dhuine. Ba chóir do gach tiománaí a bheith airdeallach i dtaca le teorainneacha luais de, bíodh sin ag dul fríd oibreacha bóthair nó na teorainneacha ginearálta luais.
Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh chun Nollaig Shona agus Shábháilte a ghuí ar gach duine a úsáideann na bóithre.