Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Spásúil an Iarthuaiscirt ar ghearrliosta gra

Togra Spásúil an Iarthuaiscirt ar ghearrliosta gradaim

 

 

Tá lúcháir ar oibrithe de chuid Thogra Spásúil an Iarthuaiscirt go bhfuil an togra curtha ar ghearrliosta ag Gradaim RA de chuid Chumann na Faisnéise Geografaí, faoin dá chatagóir 'Barr Feabhais i dTaighde agus Forbairt' agus 'An Úsáid is Fearr a bhaint as Geospásúlacht chun Tairbhe Gnó', a bheas ar siúl ar an 13 Samhain in Kenilworth, sa Ríocht Aontaithe. 

 

Aithníonn na gradaim bhliantúla seo de chuid CFG an obair atá á déanamh laistigh de thionscal na faisnéise geografaí sa Ríocht Aontaithe, agus cuidíonn sé le spiorad na nuálaíochta a chothú agus a chur chun cinn.

 

Tá Togra Spásúil an Iarthuaiscirt, ar togra trasteorann é faoi cheannas Chomhairle Contae Dhún na nGall, curtha ar ghearrliosta de bharr gur éirigh leis na critéir a bhaint amach i dtaca le dea-chleachtas, teicneolaíocht, sonraí agus uirlisí a chur chun cinn chun sochair an tionscail gheospásúil, agus meastar go raibh tionchar dearfach aige seo uilig ar phróisis ghnó nó ar chleachtais ghnó.

 

Cuireann Togra Spásúil an Iarthuaiscirt 'sonraí ag croílár na cinnteoireachta' trí ligint d'áisíneachta stáit, údaráis áitiúla, pleanálaithe, fiontraithe, turasóirí agus baill den phobal eolas ábhartha spásúil le haghaidh ceantracha éagsúla ar fud réigiún trasteorann an Iarthuaiscirt a fheiceáil, a scagadh agus a úsáid.  Is áit lárnach é an togra le haghaidh 'Léarscáileanna, Staitisticí agus Aipeanna' agus is féidir le daoine sa réigiún iad sin a úsáid ar mhaithe le cinntí gnó, infheistíochta agus pleanáil spásúil a dhéanamh gan ach cnaipe a bhrú.

 

Tabhair cuairt ar www.spaceialnw.eu nó lean muid ar Twitter @spaceialnw

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO