Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > oibreacha uisce éireann

Togra soláthar uisce ag dul chun cinn do chustaiméirí i nDún na nGall

Irish Water Olly

 

07/01/20 Togra soláthar uisce ag dul chun cinn do chustaiméirí i nDún na nGall

 

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag infheistiú €12 mhilliún chun thart fá 40 ciliméadar de sheanphíopaí uisce ar fud an chontae a athnuachan. Cuireadh tús leis na hoibreacha i mí Mheán Fómhair 2018 agus tá siad ag dul chun cinn go maith. Nuair a bheas na hoibreacha curtha i gcrích beidh soláthar uisce níos iontaofa ar fáil do chustaiméirí, agus ní chaillfear an oiread céanna uisce de bharr sceitheadh uisce ó phíopaí pollta. 

Go dtí seo, tá thart fá 36km de phríomhphíopaí uisce curtha isteach agus oibreacha curtha i gcrích sna ceantracha seo a leanas: Cairlinn, An Cheathrú (2.4km); Dumhaigh Mhór, Fánaid, (3.6km); Mín na Leice go Rann na Feirste (3.3km); An Seascann Beag (1.4km); Argery, Baile an Droichid agus Leifear (2.5km); Doirí Beaga agus Bun an Leaca (5km); Fearann an Mainistreach, Béal Átha Seanaidh (1.2km); Cúl-Líne Dheisceart Bhealach Féich (Na Croisbhealaí, Cúil na gCuirridín go Carraig Mhic Craith, Bealach Féich)  (9km); An Charcair, Ros Neamhlach (4.1km); Baile Bhéal Átha Seanaidh (0.6km); agus na Trí Chrann, Inis Eoghain (3.5km).

 

Tá oibreacha athnuachana ag leanúint ar aghaidh ar thart fá 6km de sheanphíopaí i gceantracha eile i gContae Dhún na nGall. Cuirfear na hoibreacha i gcrích i gcéimeanna éagsúla le linn Q1 2020 sna háiteanna seo a leanas: Gort an Choirce agus An Fál Carrach (1.6km agus 1.7km faoi seach); Rinn Uí Choigligh agus Cábraidhe (1.5km); agus Bun Dobhráin, An Taobh Thiar (1.4km).

 

Beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm le linn na n-oibreacha agus tabharfar fógra do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí sna ceantair ina mbeidh na hoibreacha sula gcuirfear tús le haon obair, agus tabharfar sonraí teagmhála dóibh a dtig leo a úsáid má tá ceisteanna acu. Ós rud é go bhfuil na hoibreacha scaipthe ar fud áiteanna éagsúla sa chontae, tá na tosaíochtaí agus an sceideal oibre aontaithe idir na conraitheoirí agus Uisce Éireann, i gcomhairle le hoifigí ceantair bóthair de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an obair a nascadh le hoibreacha bóthair agus le hoibreacha eile.

 

Agus é ag caint faoi na hoibreacha dúirt John McElwaine, Ceannaire Réigiúnacha Caipitil Uisce Éireann: “Is céim mhór chun tosaigh é an t-athnuachan seo ar thart fá 40km de sheanphíopaí uisce ar fud Chontae Dhún na nGall lena chinntiú go mbeidh seirbhís níos iontaofa uisce ar fail do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí áitiúla. Gabhaimid buíochas leis an phobal áitiúil as a bheith foighdeach le linn na n-oibreacha riachtanacha seo.”

 

Tá Uisce Éireann buartha as aon chur isteach a dhéanfaidh an togra seo ar dhaoine, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le cónaitheoirí agus le gnólachtaí as a gcomhoibriú le linn do na hoibreacha seo a bheith ar siúl, oibreacha a cinnteoidh seirbhís uisce níos iontaofa don phobal uisce.

 

Tá an togra seo mar chuid de phlean infheistíochta Uisce Éireann. Tá tosaíochtaí leagtha amach le díri isteach ar na hoibreacha is mó práinn de réir na gcoimitmintí atá leagtha amach i bPlean Gnó Uisce Éireann. Tá infheistíocht €5.5 billiún i gceist sa phlean gnó chun caiteachas caipitil a dhéanamh ar uisce inólta agus ar cháilíocht fuíolluisce agus i mbonneagar úr suas go dtí 2021. Tá infheistíocht á déanamh sa phlean seo i laghdú sceitheadh uisce agus i dtograí cáilíochta uisce, ar a dtugtar an Clár um Laghdú Sceite, agus ar a ndéantar infheistíocht €500 milliún le linn na tréimhse go dtí 2021. Tá na hoibreacha seo riachtanach lena chinntiú go mbeidh soláthar uisce ar fáil dár pobal agus dár ngeilleagar atá glan, sábháilte agus iontaofa.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO